Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

Buíochas agus Nollaig Shona

A Thuismitheoirí agus a Pháistí,

Bhuel, tá inniu bainte amach againn faoi dheireadh! Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil le gach duine agaibh as bhur gcuid oibre, tacaíocht agus comhoibriú ó d’fhilleamar ar scoil ag deireadh Lúnasa. Téarma scoile gan fasach a bhí ann ach bhí go leor rudaí dearfacha ann freisin, in ainneoin na ndúshlán a bhfuilimid go léir ag déileáil leo sa bhaile, ag an obair nó ar scoil. Bhí orainn go leor athruithe agus bealaí nua chun rudaí a dhéanamh a chur i bhfeidhm agus ghlac gach duine go fonnmhar leo.

Ar dtús, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’fhoireann uile na scoile a thugann tacaíocht iontach domsa, don scoil agus do na páistí gach lá agus a dhéanann mo phost chomh furasta sin a dhéanamh, lena dtiomantas do gach a dhéanann siad. Buíochas leis na páistí, a lasann ár laethanta lena ndea-aoibh, a gcuid oibre agus an sonas soiléir atá orthu a bheith ar ais ar scoil arís. Buíochas mór le baill an Bhord Bainistíochta agus CAIRDE. Agus go háirithe daoibhse, a thuismitheoirí, a bhí chomh tacúil agus chomh dúthrachtach i rith an ama. Is iad comhiarrachtaí gach duine a chabhraigh linn timpeallacht foghlama sábháilte agus sona a chothú go dtí seo. Táimid fíor bheannaithe.

Toisc go raibh cúpla mí an-dhian ag gach duine, tá súil agam go n-éireoidh linn go léir scíth a ligean agus deis a fháil taitneamh a bhaint as roinnt ama d’ardchaighdeáin lenár dteaghlaigh agus am a thógáil chun díriú ar fholláine chomh maith agus is féidir linn. Fillfimid ar scoil Dé Céadaoin 6 Eanáir agus gan dabht ar bith beidh dúshláin nua, nó dúshláin atá ann cheana féin, os ár gcomhair. Go dtí sin, fanaigí slán agus Nollaig Shona daoibh go léir.

Well, we’ve made it this far!! I want to thank each of you for your hard work, support and cooperation since school returned at the end of August. It has been a school term like no other but there have been many positives despite the many challenges we are all dealing with at home, work or in school. We had to implement many changes and new ways of doing things and everyone has adapted fantastically.

Firstly, I want to pay tribute to all the school staff who have been a tremendous support to me, the school and to the children every single day and make my job so much easier with their dedication to all that they do. To the children, who light up our days with their good humour, their work and their obvious enjoyment at being back at school again. To the volunteers who contribute so much through the Board of Management and CAIRDE. And especially to the parents who have been so supportive and diligent throughout. It is the combined efforts of everyone that has allowed us to continue this far in a safe and happy learning environment. We are truly blessed.

As everyone has had a hectic few months in particular, I hope that we all manage to get a well-earned rest and a chance to enjoy some quality time with our families and to take time to focus on well-being as best we can. We will return to school on Wednesday 6th January and no doubt that too will present new or existing challenges. Until then, stay safe and a Happy Christmas to you all.

 Múinteoir Mícheál