Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

R3-R6: AG FILLEADH AR SCOIL/RETURN TO SCHOOL

Tá sé fógraithe tráthnóna go mbeidh ranganna 3 go dtí a 6 ag filleadh ar scoil ón Luain seo chugainn, 15ú Márta. Tá mé cinnte go bhfuil athas ar gach duine an scéal sin a chloisteáil!

Beimid i dteagmháil go minic idir seo agus sin le sonraí dearfacha agus treoirlínte. Idir an dá linn, tabhair faoi deara na nithe seo a chabhróidh go mór linn ullmhú don lá:

  1. Beidh boscaí leabhair na bpáistí le bheith curtha ar ais- ní bheadh sé seo indéanta in aon chor a eagrú ar an Luain (plódú agus/nó iompar boscaí troma) – mar sin, beidh an scoil ar oscailt ón 3 go dtí a 5 ar an Aoine agus ón a 2 go 5 ar an Satharn seo 12ú agus 13ú chun deis iad a thabhairt ar ais (Féach thíos do na treoracha)
  2. Beidh gach múinteoir i dteagmháil libh roimh ré faoi cad ba chóir a bheith sna boscaí (cén leabhair, cóipleabhair, stáisiúnéaracht srl) agus cad ba chóir a bheith fágtha sa bhaile .
  3. Ní bheidh aon mhúinteoireacht ar siúl sna ranganna sin ar an Aoine seo 12ú chun deis a thabhairt dona múinteoirí ranga na seomraí a ullmhú.
  4. Beidh béim mhór ar folláine, sóisialú sábháilte, labhairt (Gaeilge ach go háirithe), agus Mata ó bhéal ag an tús. Cabhraigh linn cabhrú libh tríd an suirbhé anseo a líonadh: https://forms.gle/4wUi9tWh4GPuFR1M8
  5. Beimid i dteagmháil arís i rith na seachtaine agus táimid ag súil le na páistí ar fad a fheiceáil ar ais ar scoil Dé Luain.

It has been announced this afternoon that Rang 3 to Rang 6 will be returning to school from next Monday, March 15th. I’m quite sure everyone is delighted and relieved to hear this news!

We will be in regular contact between now and then with more details and guidelines. In the meantime, please note the following to help us prepare for the day:

  1. The children’s book boxes are to be returned – this will not be possible on Monday (large crowding and / or heavy boxes to be carried) – so the school will be open from 3 to 5 on Friday 12th and from 2 to 5 on Saturday 13th for their return (See details below).
  2. All teachers will contact you in advance about what should be in the boxes (books, copybooks, stationery etc.) and what should remain at home.
  3. No teaching will take place in these classes on this Friday the 12th to give the class teachers and staff an opportunity to prepare the rooms and school for the return.
  4. There will be a strong emphasis on wellbeing, safe socialisation, oral work (especially Irish), and oral Maths at the beginning. Please help us by filling out the survey here: https://forms.gle/4wUi9tWh4GPuFR1M8
  5. We will be in touch again during the week and we look forward to seeing all the children back at school on Monday!

LEABHAIR SCOILE/SCHOOL BOOK RETURNS – AOINE 12/3/2021 ó 3-5 p.m. agus SATHARN 13/3/2021 ó 2-5 p.m

Tá leabhair agus cóipleabhair na bpáistí le tabhairt ar ais chuig an scoil sna boscaí. Tá seo eagraithe le bheith ar siúl ar an Aoine seo 12ú Márta  idir 3 agus 5p.m. agus arís ar an Satharn 13ú idir 2 agus 5 p.m. Táimid ag úsáid an rogha Cruinniú Tuismitheora-Múinteoirí ar Aladdin chun é a eagrú go sábháilte. (NB: tá na hamanna garbh agus d’fhéadfadh siad a bheith faoi réir srianta ar fhadú sóisialta ach go ginearálta is féidir leat a bheith ag súil go mbeidh tú isteach agus amach i níos lú ná deich nóiméad) Muna n-oireann an clár cuir scéal chugainn agus déanfaimid iarracht sliotán ama eile a fháil duit.

The children’s books (boxes) need to be returned. This is scheduled to take place this Friday 12th from 3 to 5 p.m. and again on Saturday 13th from 2 to 5 p.m. We are using the Parent-Teacher Meeting option on Aladdin to organize it safely. (NB: times are approximate and may be subject to restrictions due to social distancing but generally you can expect to be in and out in less than ten minutes) If the times allocated do not suit or you cannot access through Aladdin, let us know and we will attempt another arrangement. GRMA

Seo na sonraí/Here are the details:

  • Roghnaigh sliotán ama duit féin ar Aladdin roimhré. Ní gá do theaghlaigh le níos mó na páiste amháin sa scoil ach sliatán ama amháin a roghnú agus na boscaí ar fad a chur ar ais ag an am sin. Choose your own time slot on Aladdin in advance. Families with more than one child only need to select one slot and return all boxes at that time.
  • Duine fásta amháin ó gach clann nó duine ar do shon. Caith masc máinliachta le do thoil.One adult from each family only or someone on your behalf. Please wear a mask.
  • Beidh ceofhuarú déanta ar na seomraí roimhré le cinntiú go bhfuil siad dífhabhtaithe.The school fogging machine will be used beforehand to ensure rooms are dinisinfected.
  • Tá cead páirceáil sa charrchlós nó ar chúl má oireann níos fearr ach é a dhéanamh go cúramach, ag coinneáil rialacha maidir le scaradh fisiciúil (2m). You may park in the car park or at the bottom of the yard behind the prefabs if needs be, but please exercise caution and maintain physical separation guidelines (2m).
  • Fágann tú na leabhair i rang(anna) do pháiste – téann tú isteach an gnáth doras agus amach an doras éalaithe. Díghlaraigh na lámha ag dul isteach, le do thoil. You return the books to each individual classroom – you enter by the normal door and leave via the escape (fire exit) door. Please sanitise your hands at the classroom entrance.
  • Má bhíonn scuaine ann, bí foighneach agus coinnigh na rialacha maidir le scaradh fisiciúil (2m) If there is a queue, please be patient and keep the rules for physical separation (2m)
  • Beidh baill foirne i lathair chun cúrsaí a stiúradh. Staff will be in attendance to direct matters.
  • Níl páistí ceadaithe ach is féidir leo fanacht sa charr má bhíonn orthu teacht.Children are not permitted in classrooms but can stay in the car if needs be.