Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR, 21 MÁRTA 2023

SCOIL NUA/NEW SCHOOL UPDATE FROM BOARD
Leanann an próiseas chun ár scoil nua a thógáil ar aghaidh. Tá tairiscintí d’Fhoireann Dearaidh – Ailtire, Innealtóir Sibhialta & Struchtúrtha, Innealtóir Seirbhísí Foirgníochta (Meicniúil & Leictreach), Suirbhéir Cainníochta agus Maoirseoir Tionscadail le haghaidh Phróiseas an Deartha (PSDP) – ar siúl faoi láthair agus ceapfar an fhoireann Dearaidh tar éis cruinnithe idir an scoil agus na Roinne lár mhí Aibreáin.
The process towards the building of our new school continues. Tenders for a Design Team – Architect, Civil & Structural Engineer, Building (Mechanical & Electrical) Services Engineer, Quantity Surveyor and Project Supervisor Design Process (PSDP) – are ongoing. The Design team will be appointed following a meeting between the school and the Department mid- April.

MÓRSHIÚIL LÁ LE PÁDRAIG – ST. PATRICK’s DAY PARADE 2023
Comhghairdeas le na páistí go léir a ghlac páirt sa Pharáid. Cé nár bhuamar aon duais bhíomar an-bhródúil astu! Míle buíochas dona baill foirne agus an slua mór tuismitheoirí a chabhraigh linn ar an lá. Maith sibh!
Congratulations to all the children who took part in the parade. While we didn’t manage to win a prize yhis year, the display and participation was fantastic! Many thanks to the staff members and the large number of parents who helped out on the day. Well done all!

LÁ GLAS/GREEN DAY 15/3/2023
Míle buíochas le gach duine a thug síntúis do na leabhair nua Gaeilge. Tá €1000 bailithe go dtí seo, le urraíocht €500 ó Eason mar chuid de. Is féidir síntúis a chur isteach go fóill nó a íoc arlíne. Míle Buíochas libh ar fad.
Many thanks to everyone who donated towards the purchase of new ‘Gaeilge’ readers. So far we have raised €1000, including a fantastic donation of €500 from Eason, Sligo. You can still contribute by sending in a donation to the school or online. GRMA!

CRUINNIÚ – CAIRDE MEETING
Beidh an chéad chruinniú eile ar siúl sa scoil ar an Luan seo chugainn, Márta 27 @ 8i.n. Fáilte roimh cách.
The next Cairde meeting will take place on Monday next, 27th March at 8.00 in the school. All parents welcome.

NB LAETHANTA DÚNTA/SCHOOL CLOSURE DATES
Dúnfaidh an scoil i gcóir laethanta saoire na Cásca ar an Aoine 31 Márta ag 12:00 i.n. agus osclóidh sí arís ar an Luan 17 Aibreáin ag 8.40 r.n. Dúnfaidh an scoil ar an Luan 1 Bealtaine (Saoire Poiblí). Tá a fhios ag na tiománaithe bus faoina socraithe seo.
School will close for Easter holidays on Friday 31st March at 12:00 noon and will re-open on Monday 17th April at 8:40am. The school will be closed on Monday 1st May (Public holiday). Bus drivers are aware of the arrangements.

RANG 2
Guímid gach rath ar pháistí Rang 2 ag déanamh a gCéad Faoistin maidin Déardaoin seo sa scoil mar ullmhúchán don Chéad Chomaoineach ar an 13ú Bealtaine.
Best wishes to children in Rang 2 making their First Confession this Thursday morning in the school in preparation for First Holy Communion on 13th May.

GRIANGHRAFADÓIR/SCHOOL PHOTOS
Beidh Lá Grianghraf Scoile ann tar éis Laethanta Saoire na Cásca. Deimhneoimid dáta níos déanaí. Is dócha go dtógfar grianghraif aonair agus teaghlaigh GACH PÁISTE i mbliana de réir an mar a rinneadh roimh Covid.
School Photo Day will be most likely take place after the Easter Holidays. We will confirm the date at a later time. It’s likely that ALL children will have individual and family photos taken this year as per pre-Covid schedule.

CAMPA
Iarradh orainn an t-eolas atá leis seo a chur ar aghaidh chomh maith le comhairle chun áirithint a dhéanamh go luath do na campaí Samhraidh chun díomá a sheachaint.
We have been asked to pass on the attached information as well as an advisement to book early for Summer camps to avoid disappointment https://starcamp.ie/kids-summer-camps-ireland-2/

starcamp