Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NÓTA/NOTE 31/8/2016

A thuismitheoirí, a chairde,
Cúpla nóta tábhachtach don oscailt amárach.
Some important information before school opens tomorrow.

CARRCHLÓS/CAR PARK and TRAFFIC WARDEN-LOLLIPOP PERSON
Amárach lá mór dona naíonáin nua ach go háirithe. Tá sé de nós ag an-chuid tuismitheoirí a bpáistí a thabhairt ar scoil iad féin don chéad cúpla lá sna ranganna eile freisin. Tá baol ann mar sin go mbeidh plódú uafásach agus dáinséarach sa carrchlós ar maidin. Mar sin, iarraimid oraibh an carrchlós i Mitchell Curley Park a úsáid más féidir agus/nó siúl le bhur páistí ar scoil. Féach thíos na treoracha maidir leis an gcarrchlós scoile a úsáid freisin.
Chuir Comhairle Chontae Shligigh in iúl dúinn freisin nach mbeidh aon mhaor tráchta againn don chéad 2 sheachtain. Dá bhféadfadh roinnt tuismitheoirí cabhrú linn idir an dá linn, agus maoirseacht a dhéanamh ar an gcarrchlós ar maidin, bheadh sé ina chabhair mór dúinn. Má tá tú ar fáil, seo ríomhphost chuig scoil@cnocnare.net nó fag teachtaireacht ar 0719174019, agus beidh Micheál i dteagmháil leat. Míle buíochas!
Tomorrow is a big day for many children especially the new infants. It is also customary for many parents to bring their children in other classes to school themselves for the first few days. There is, therefore, a risk of serious and dangerous overcrowding in the carpark in the morning. We would ask that parents would use the car park in Mitchell Curley Park if possible and/or to walk with your children to school. See below also the instructions for using the school car park.
Sligo County Council have also informed us that we will have no school warden for the first 2 weeks. If a few parents could volunteer to ‘fill in’ the meantime, and steward the carpark in the morning, it would greatly help us. If you can volunteer please reply to this email (scoil@cnocnare.net) or leave a message on 0719174019 and Mícheál will contact you to confirm a rota. Míle Buíochas!

RANG 5
Múinfear Rang 5 sa seomra thuas staighre ar feadh tamaillín go socrófar seomra nua.
Rang 5 will be using the room upstairs for a while until the new classroom becomes available.

Corp Oideachais/P.E.
Ní bheidh aon Chorp Oideachais i rith na seachtaine seo. Mar sin, is gá gnáth culaith scoile a chaitheamh ar an Déardaoin 1ú agus an Aoine 2ú. Ón tseachtain seo chugainn beidh sé ar siúl ar an gCéadaoin agus Aoine dona ranganna Naíonáin go Rang 4 agus ar an Mháirt agus Déardaoin do ranganna 5 agus 6.
There will be no PE this week so children should wear the school uniform on both Thursday 1st and Friday 2nd. From next week it will be on Wednesday and Friday for Infants to Rang 4, and on Tuesdays and Thursdays for Rang 5 and Rang 6.

Airgead Scoile/School Money:
Is gá go mbeadh aon airgead a chuirtear chun na scoile i gclúdach litreach le do thoil, lena sonraí scríofa air. Muna bhfuil póicíní buí agat, is féidir iad a cheannach ón scoil ar €3.50.   Ní féidir linn glacadh le hairgead nach bhfuil i gclúdach.
Any money sent to the school MUST be in an envelope, marked with your child’s name, class and what the money is for.   If you do not have a packet of yellow school money envelopes, please send in €3.50 and have your child take home a packet. Alternatively you can recycle any envelope. Money cannot be accepted unless in an envelope.

Glanadh na Scoile/Clean –up:
Míle buíochas do na tuismitheoirí agus páistí a thug cabhair dúinn agus an scoil a ullmhú don oscailt!
Many thanks to the parents and children who helped out to get the school ready for opening.

FOIREANN/STAFF for 2016-2017
Cuirimid fáilte roimh ár múinteoirí nua, Jade agus Rita, agus ár SNA nua, Bríd Ní Chomhaill.
We welcome our new teachers, Jade and Rita, as well our new SNA, Bríd Ní Chomhaill.

  • Naíonáin Shóisir/Junior Infants Múinteoir Lynne
  • Naíonáin Shinsir/Senior Infants Múinteoir Katríona
  • Naíonáin Shinsir/Senior Infants Múinteoir Liz
  • Rang 1 Múinteoir Máire
  • Rang 1 Múinteoir Dara
  • Rang 2 Múinteoir Fiona
  • Rang 3 Múinteoir Aengus
  • Rang 4 Múinteoir Jade
  • Rang 5 Múinteoir Gráinne
  • Rang 6 Múinteoir Samantha
  • Foghlama/Learning Support 1 Múinteoir Rita
  • Foghlama/Learning Support 2 Múinteoir Yvonne/ Múinteoir Herta
  • Príomhoide Múinteoir Mícheál
  • SNA Síle Nic Suibhne
  • SNA/ Cúntóir Ranga Bríd Ní Chomhaill
  • Cúntóir Ranga Veronica Uí Mhaoláin
  • Rúnaí Muireann Harkin
  • Feighlí/Glantóir Joe Kilfeather

AN CARRCHLÓS/SCHOOL CAR PARK
Ar mhaithe le Sábháilteacht agus riaradh an carrchlóis, bheimis buíoch ach go dtabharfadh tuismitheoirí aird ar na nithe seo a leanas:
To ensure safety at all times in the car-park, we would ask parents to pay careful attention to the following points.

  1. Is córas aon-bhealach atá ann – casann tú ar chlé nuair a thagann tú isteach an geata. A one-way system is in operation. Turn left when you come in the gate.
  2. Ná stop in aon áit seachas spás pairceála chun do pháistí a scaoileadh amach; tá stopadh ag an mballa beag ag cur bac ar thrácht agus ar na busanna. It is not safe to stop anywhere other than in a parking space to let your child(ren) out of the car. Also, stopping at the small wall in front of the school causes a backlog of traffic and prevents buses getting through. Please be considerate of other drivers.
  3. Tráthnóna: fág na spásanna taobh leis an gcosán saor dona busanna. Afternoons – please leave car spaces beside the footpath free for buses. This is very important for the safety of the children boarding buses.
  4. Chomh fada agus is féidir, ba choir do pháistí/tuistí an cosán a úsáid. As far as is possible, please make use of the footpath.
  5. Chabhródh sé le plódú ar maidin agus tráthnóna dá mbeadh daoine sásta síobanna a roinnt! It would be extremely helpful to prevent congestion if “car-pooling” could be arranged among families who live close to one another.

Generally, we urge you to please drive with care and to come in the school gates at a slow speed.   Also, you must follow the road around to the left to avoid accidents. Thank you.