Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR IÚIL (JULY) 2018

MÍLE BUÍOCHAS!!
Anois agus scoilbhliain eile bainte amach againn, tá sé tábhachtach tacaíocht agus comhoibriú na dtuismitheoirí i rith na bliana a aithint, buíochas mór libh a thuismitheoirí don tacaíocht agus dílseacht i rith na bliana. Buíochas speisialta do choiste CAIRDE a d’eagraigh imeachtaí sóisialta, imeachtaí bhreischuraclam agus ardú airgid i rith na bliana. Buíochas ó chroí do na Múinteoirí Lynne, Kelley, Dara, Jade, Fiona, Aengus, Liz, Laura Ann, Gráinne, Samantha, Yvonne, Herta, Katríona, Rita agus Sinéad,  ár gCúntóirí Riachtanais Speisialta Síle agus Bríd, ár Rúnaí Muireann agus ár bhFeighlí Joe, don obair atá déanta acu ar son na scoile agus na páistí i rith na bliana. Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a chur in iúl don Cathaoirleach Bartley Ó Gabháin agus an Bord Bainistíochta a thugann go flaithiúil lena gcuid ama i gcónaí. Guímid gach rath ar pháistí Rang 6 agus iad ag dul ar aghaidh anois chuig an Mheánscoil. Osclóidh an scoil arís ar an Déardaoin,30 Lúnasa ag 8.50 r.n.
At the end of another school year it is important to acknowledge the co-operation and support we receive throughout the year from parents and I want to thank you for your support and loyalty to the school during the year. A special thanks to CAIRDE who worked so hard throughout the year in organising social, extra-curricular and fundraising events. I would also like to thank all the staff, Múinteoirí Lynne, Kelley, Dara, Jade, Fiona, Aengus, Liz, Laura Ann, Gráinne, Samantha, Yvonne, Herta, Katríona, Rita and Sinéad, our SNAs Síle & Bríd, Muireann our Secretary and our Caretaker Joe, for all their work for the school and the pupils during the year. Special thanks to Bartley Ó Gabháin and the Board of Management who give freely of their time throughout the year. Míle buíochas daoibh go léir. Best wishes to our departing Rang 6 who will be starting Secondary school after the summer. School reopens on THURSDAY AUGUST 30th @ 8.50am.

RANGANNA / CLASSES for 2018-2019
Fáilte ar ais Múinteoir Laura Ann and Múinteoir Kelley agus fáilte roimh ár múinteoirí nua don bhliain, Múinteoir Donna Marie (Ní Mhuireagáin) agus Múinteoir Medb de Buitiléir
We welcome back Múinteoir Laura Ann and Múinteoir Kelley as well as our new teachers for the year, Donna Marie Ní Mhuireagáin and Medb de Buitiléir.
Classes will be divided as follows for the new school year:

  • Naíonáin Shóisir/Junior Infants Múinteoir Lynne
  • Naíonáin Shinsir/Senior Infants Múinteoir Katríona
  • Rang 1 Múinteoir Dara
  • Rang 2 Múinteoir Jade
  • Rang 2&3 Múinteoir Laura Ann
  • Rang 3 Múinteoir Kelley
  • Rang 4 Múinteoir Liz
  • Rang 5 Múinteoir Gráinne
  • Rang 6 Múinteoir Samantha
  • Speisialta/Special EdMúinteoir Yvonne & Múinteoir Herta (job-share)
  • Speisialta/Special Ed2 Múinteoir Aengus & Múinteoir Medb (job-share)
  • Speisialta/Special Ed3 Múinteoir Donna Marie
  • SNA (2) Síle, Bríd
  • PríomhoideMúinteoir Mícheál

Leabharliostaí – Leabhair ar Chíos / Booklists – School Book Rental Scheme
Tá eolas faoin leabharliosta iniata agus léiríonn an leathanach sin an costas maraon le rudaí eile a bheidh oraibh a cheannach sibh féin, leagtha amach de réir ranga. Tabhair faoi deara go gceannóidh an scoil na leabhair agus cóipleabhair ar fad – cuir an mór iomlán chuig an scoil ag tús na scoilbhliana nua (cuirfear sonraí íocaíochtaí arlíne chugaibh i Mí Lúnasa). Tá breis eolais le feiceáil ar shuíomh idirlín na scoile (www.cnocnare.net). Scaipfear na leabhair ar na páistí ar an gcéad lá ar ais agus is ga go níocfar astu faoin lá seo. Tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil ciseán luaite ar chuid de na leabharliostaí, a úsáidfear sna ranganna chun leabhair srl. a fhágáil go néata ar scoil.
Information on the booklist for your child(ren) is enclosed and displays the cost as well as items you will need to buy yourself listed by class. Please note that the school buys all books and copybooks – please return the total due when school reopens (details of online payment options will be sent out in August). Full details of the books and costings are on the school website (www.cnocnare.net) All items should be individually marked with children’s names, particularly Junior Infants.  Books will be distributed on the first day back and should be paid for by then. You will also notice that some children are required to have a basket. These are to enable the children to neatly store books that are left in school.

OIFIG na SCOILE AR OSCAILT/SCHOOL OFFICE OPENING TIMES
Beidh oifig na scoile ar oscailt, roimh theacht ar ais na bpáistí, mar atá sonraithe thíos chun íocaíochtaí a ghlacadh do na leabhair agus árachas (cuirfear foirm don árachas chugaibh i Mí Lúnasa, maraon le socraithe chun íocaíocht a dhéanamh leis an scoil ar líne). N.B. Is gá go níocfar as na leabhair scoile faoin Déardaoin 30/8 le bhur dtoil.
The school office will be open before the children return to facilitate payment of school books and Insurance (a letter and form for Insurance will be posted in August, as well as details of online payments if preferred.)  Times of opening are: Dé Céadaoin/Wednesday 29th August: 10 am – 4.00 pm. NB: ALL school book money and Personal Pupil Insurance money is due on or before the first day of school ie. Thursday 30th August 2018 – no late forms can be accepted as children MUST be insured from FIRST DAY. GRM.

Naíonáin Shóisir/Junior Infants
Rachaidh na Naíonáin Shóisir abhaile ag 12.00 gach lá ar feadh tamaillín ag tús na bliana: 30/8 – 14/9/2017, agus ag 1.30 ó sin ar aghaidh.
Junior Infants will finish at 12.00 each day for the first weeks: 30/8 – 14/9/2018, and thereafter at 1.30pm.

Guím saoire bréa oraibh ar fad,

Mícheál Ó Broin, Príomhoide

GAELSCOIL CHNOC NA RÉ – Leabhar Liostaí 2018
Eagraíonn an scoil na leabhair ar fad, cinn gur féidir a úsáid arís ar chíos ar thrían den phraghas agus leabhair saothair 10% níos saoire. Ceannaítear na cóipleabhair freisin. Aon rud nach bhfuil clúdaithe, tá siad luaite ag bun an leathanaigh seo. Tá eolas faoi na leabhair agus  costais anseo.
The school handles all books. Books that can be re-used from year to year are rented at one-third of the new price, while the cost of workbooks to parents is approx. 10% less than by directly purchasing them yourself. We also handle all copybooks required by the children. Any items NOT covered are listed below for each class.  Breakdown of books and costings available here.

Seo thíos costas na leabhair do gach rang/ The following is the cost of books for each class:
Naíonáin Shóisir/Junior Infants – €65; Naíonáin Shinsir/Senior Infants  – €75
Rang 1 – €75; Rang 2 – 85; Rang 3  – €85
Rang 4 – 75; Rang 5  – €70; Rang 6 –  €65

Ceannaigh na rudaí seo a leanas/Please ensure your child has the following items:

NAÍONÁIN SHÓISIR – JUNIOR INFANTS (€65 – féach suíomh/see school website)
Pinn luaidhe (triantánach) x 5,scriosán,bioróir, Twistables.
Pencils (triangular for grip) x 5, eraser, sharpener, Twistables
NAÍONÁIN SHINSIR – SENIOR INFANTS (€75 – féach suíomh/see school website)
Peann luaidhe (triantánach),scriosán,bioróir,  paicéad 10 Twistables.
Pencil (triangular for grip), eraser, sharpener, , set of 10 twistables (Small Packet).
RANG 1 (€75 – féach suíomh/see school website)
Bosca arbhair 1kg clúdaithe, peann luaidhe,scriosán,bioróir, dathanna, marcóir aibhsithe, rialóir agus bosca lóin do stór focail.  
Large covered cereal box 1kg,pencil,eraser,sharpener, colouring pencils, highlighter marker, ruler and small lunch box for wordbox.
RANG 2 (€85 – féach suíomh/see school website)
Ciseán nó bosca gan chlúdach, peann luaidhe, scriosán, bioróir, dathanna, rialóir.
Basket or uncovered box, pencils, eraser, sharpener, colouring pencils and ruler.
RANG 3 (€85 – féach suíomh/see school website)
Ciseán nó bosca gan chlúdach, pinn, pinn luaidhe, scriosán, bioróir, dathanna, marcóir aibhsithe,  rialóir, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem)
Basket or uncovered box, pens, pencils, eraser, sharpener, colouring pencils, ruler, highlighter marker, , ruler, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem).
RANG 4 (€75 – féach suíomh/see school website)
Pinn, pinn luaidhe, scriosán, bioróir, dathanna (Sharpies), marcóir aibhsithe, rialóir, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem)
Pens, pencils, eraser, sharpener, colours (Sharpies), highlighter marker, , ruler, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem)
RANG 5 (€70 – féach suíomh/see school website)     RANG 6 (€65 – féach suíomh/see school website)
Ciseán nó bosca gan chlúdach, pinn, pinn luaidhe, scriosán, bioróir, dathanna (Sharpies), marcóirí (4) aibhsithe, rialóir, trealamh céimseata, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem)
Basket/ uncovered box, pens, pencils, eraser, sharpener, colours, set of 4 highlighter markers, ruler, Maths (Geometry) set, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem)

Cuir ainm do pháiste ar gach gur leo/Please put your child’s name on the items.