Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

Nua/Update from Príomhoide 29/3

(SEE BELOW FOR ENGLISH VERSION)

A tuismitheoirí agus caomhnóirí, a chairde,

Tá súil agam go bhfuil gach duine go maith agus ag tabhairt aire mhaith dá chéile. Míle buíochas as ucht an suirbhé a líonadh, beidh sé ina cuidiú mór dúinn ach go háirithe agus muid ag pleanáil don tréimhse i ndiaidh na Cásca, más gá.  (Muna raibh deis agat é a líonadh fós tá sé anseo: https://forms.gle/3yBEaHaV6UdU8n85A )

Mar a dúirt mé libh cheana, is é sláinte agus folláine mheabhrach ár ndaltaí uile, ár dtuismitheoirí agus ár bhfoireann ar bpríomhchúram faoi láthair. Mar sin tá sé fíorthábhactach go leanaimis treoracha an Rialtais agus an HSE chun scaipeadh an víris COVID-19 a laghdú.

 Mar is eol daoibh, tá bac orainn anois ár mbailte a fhágáil, mar sin beidh gach múinteoir ag obair go hiomlán ón mbaile. Don seachtain seo arís, tá méid áirithe oibre a bhaineann leis an scoil leagtha amach ag na múinteoirí le leanúint ag na páistí agus imeachtaí molta ar féidir leo cur leis an bhfoghlaim. Mar sin féin, níl sé seo uileghabhálach agus níor cheart féachaint air mar rud riachtanach. Tá sé tábhachtach go dtabharfaimis aire do “sábháilte” agus “sona” chomh maith le “foghlaim” mar sin ná bíodh brú oraibh! Ní bheidh gach teaghlach in ann páirt a ghlacadh i gcuid de na gníomhaíochtaí um Fhoghlaim Baile nó in aon cheann díobh, agus níl aon iachall ar theaghlaigh na gníomhaíochtaí a mholaimid a chur i gcrích. Déan gach is féidir leat. Ba chóir go mbeadh sé mar phríomhaidhm ag gach duine a bheith sábháilte agus sláintiúil.

Scaipfear na cláracha óna múinteoirí oraibh ar ball beag anocht (agus ar an suíomh anseo: http://ww2.cnocnare.net/covid19/). Má tá bileoga mar chuid den chlár seo agus nach féidir iad a chur i gcló, cuir scéal chugam agus déanfaidh mé gach iarracht cóip a chur sa phost chugat. Is féidir dul i dteagmháil le múinteoirí, nó samplaí oibre i bhfoirm grianghraf, mar shampla,  tríd ríomhphost a chur chuig scoil@cnocnare.net agus scaipfear iad ar na múinteoirí cuí.

 Míle buíochas libh agus leis an bhfoireann as ucht bhur gcomhoibriú ag an am deacair seo. Tiocfaimid tríd!

Tabhair aire agus fan slán,

Mícheál

 Dear parents and guardians

I hope everyone is well and taking good care of each other. Thank you for completing the survey, which will be extremely useful to us especially when we plan for the post-Easter period, if necessary. (If you haven’t had a chance to fill it in yet it’s here: https://forms.gle/3yBEaHaV6UdU8n85A )

As you know, our primary concern at the moment is the health and wellbeing of all our pupils, parents and staff. Therefore, it is very important that we follow Government and HSE directives to reduce the spread of COVID-19 virus.

All schools are required to fully close, therefore all staff will now be working completely from home. For this week again, the teachers have set a certain amount of school-related work for the children to follow and suggested activities that can enhance their learning. However, this is not exhaustive and should not be regarded as essential. It is important that we look after “safe” and “happy” as well as “learning” so please don’t feel under pressure! Not every family will be in a position to participate in some or any of the Home Learning activities and there is no obligation on families to complete the activities we will suggest. Do what you can. Everyone’s main aim should be keep safe and healthy.

The schedules from the teachers will be send out later this evening (and will be on the website here: http://ww2.cnocnare.net/covid19/) . If worksheets are part of this and cannot be printed, please let me know and I will make every effort to post a copy to you. Queries or feedback for teachers, as well as samples of work in the form of photographs for example, can be submitted by email to scoil@cnocnare.net  and these will circulated to the relevant teachers.

Many thanks to you and the staff for your co-operation at this difficult time. We will get there together!

Take care and stay safe,

Mícheál