Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR, 1 LÚNASA, 2024

A thuismitheoirí, a chairde, 

Tá súil againn go bhfuil sibh ag baint taitneamh as na laethanta saoire. Athosclóidh an scoil Dé Céadaoin 28 Lúnasa 2024 @ 8.40r.n. agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh ar ais agus roimh na páistí nua a bheidh ag tosú linn. Tabhair faoi deara go mbeidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 ar an Aoine 30 Lúnasa le haghaidh Cruinniú Foirne.
Hopefully everyone is enjoying the holidays. School reopens on WEDNESDAY August 28th 2024 @ 8.40 a.m. and we look forward to welcoming you back, as well as all the new children who will be joining us. Please note that the school will close at 12pm on Friday of that week, August 30th, for a Staff Meeting.

LEABHARLIOSTAÍ/BOOKLISTS 2024 
Tá sonraí leabharliostaí agus costais scoile eile thíos. Tuigimid go mbíonn daoine faoi bhrú ag tús na scolbhliana, ach go háirithe faoi láthair, mar sin glacfaidh an scoil le íocaíochtaí thar tréimhse má oireann sin níos fearr do thuismitheoirí.  
See below for details of booklists and school costs. We fully understand that people can be under financial pressure at the start of the school year, especially at present, so the school will accept payments in instalments if required. 

Tá scéim Leabhair Bunscoile do gach páiste bunscoile i bhfeidhm arís i mbliana.Tá na téacsleabhair scoile, na leabhair oibre agus na cóipleabhair uile maoinithe ag an rialtas anois, €80 i mbliana seachas an €96 in aghaidh an pháiste a bhí ann anuraidh, sonraí anseo . Mar a bhí roimhe seo, leanfaidh an scoil ag aimsiú na nearraí go léir agus ag feidhmiú scéim cíosa leabhar nuair is cuí. 
Gearrfar €50 an pháiste chun íoc as na rudaí seo nach bhfuil clúdaithe: 

  • Ábhair Ealaíne & Ceardaíochta
  • Aistear (naíonáin) 
  • Fótachóipeáil
  • Stáiseanóireacht
  • Árachas Pearsanta 24/7 (€5.10)

Tá liosta rudaí a iarrtar oraibh a cheannach thíos agus ar an leabharliosta iniata. Cuir ainm do pháiste ar gach gur leo le do thoil.

The free school books scheme for all primary school children is now in place. The government now funds all school textbooks, workbooks and copybooks but this figure has reduced from €96 per pupil last year to €80 per pupil for the current year, details here. As before, the school will continue to source all items and operate a book rental scheme where applicable.

A fee of €50 per child is needed to pay for the following items not covered by the grant:

  • Art & Craft materials
  • Aistear (infants)
  • Stationery
  • Photocopying
  • 24/7 Personal Accident Insurance (€5.10) 

There is a list of items to be purchased by families below and on the attached booklist. Please put your child’s name on all items. 

Ceannaigh na rudaí seo a leanas/Please ensure your child has the following:
NAÍONÁIN SHÓISIR – JUNIOR INFANTS 
Pinn luaidhe (triantánach) x 5, scriosán, bioróir, Twistables, siosúir. Pencils (triangular for grip) x 5, eraser, sharpener, Twistables, suitable scissors.

NAÍONÁIN SHINSIR – SENIOR INFANTS
Peann luaidhe (triantánach), scriosán,bioróir, paicéad 10 Twistables, aprún. Pencil (triangular for grip), eraser, sharpener, small packet of 10 twistables, apron. 

RANG 1
Pinn luaidhe, scriosán, bioróir, dathanna, marcóir aibhsithe, rialóir Pencils, eraser, sharpener, colouring pencils, highlighter marker, ruler 

RANG 2 
Pinn luaidhe, scriosán, bioróir, dathanna, rialóir  Pencils, eraser, sharpener, colouring pencils and ruler 

RANG 3 
Pinn, pinn luaidhe, scriosán, bioróir, dathanna, marcóir aibhsithe, rialóir, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem) & CLUASÁN Pens, pencils, eraser, sharpener, colouring pencils, ruler, highlighter marker, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem) & HEADPHONES (to be left in school) 

RANG 4 
Pinn, pinn luaidhe, scriosán, bioróir, dathanna, marcóir aibhsithe, rialóir, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem) & CLUASÁN
Pens, pencils, eraser, sharpener, colours, highlighter marker,ruler, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem) & HEADPHONES (to be left in school)

RANG 5, RANG 6 
Pinn, pinn luaidhe, scriosán, bioróir, dathanna, marcóirí (4) aibhsithe, rialóir, trealamh céimseata, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem) & CLUASÁN
Pens, pencils, eraser, sharpener, colours, set of 4 highlighter markers, ruler, Maths (Geometry) set, Foclóir Póca Béarla/Gaeilge (An Gúm), English Dictionary (Collins Gem) & HEADPHONES (to be left in school)

RANNÍOCAÍOCHT DEONACH/VOLUNTARY CONTRIBUTION 2024 
(Féach thíos/See bottom of newsletter for more details) 
Tá rátaí na ranníocaíochta socraithe againn mar a bhí ann anuraidh, ’sé sin/Voluntary contribution rates for the current year will be retained at last year’s levels ie 

  • Teaghlach le páiste amháin/Family with one child: €70
  • Teaghlach le beirt pháiste/Family with two children: €100 
  • Teaghlach le triúr páistí ar a laghad/Family with three or more children: €110

ÍOCAÍOCHTAÍ ARLÍNE/ONLINE PAYMENTS
Má oireann daoibh, bheimis buíoch táillí a bheith seolta chugainn ag úsáid na sonraí thíos ag baint úsáid as do chóras baince féin. Déan cinnte go bhfuil ainm an phaiste/clainne sa tagairt íocaíochta. 
Parents can use their own online banking service to make payments using the following details (NB ensure your child/family name is in the text narrative)

BANK OF IRELAND 
IBAN: IE08BOFI90544017043584
BIC: BOFIIE2D

ROGHANNA EILE/OTHER OPTIONS
Seic tríd an phost roimh 28/8 nó i gclúdach litreach, le do pháiste ar gcéad lá scoile. Ná cuir airgead crua tríd an phost le bhur dtoil.
Post a cheque to school, or drop into school letterbox, before the 28th; or send in an envelope with your child on their first day at school. Please mark name clearly on envelope. (no cash by post please) GRMA! 

NAÍONÁIN SHÓISIR/JUNIOR INFANTS
Rachaidh na Naíonáin Shóisir abhaile ag 12.00 gach lá ar feadh tamaillín ag tús na bliana: 28/8 – 6/9/2024, agus ag 1.20 ó sin ar aghaidh. Cuirfear sonraí faoi na ranganna agus socruithe don chéad lá scoile amach níos déanaí. 
Junior Infants will finish at 12.00 each day for the first weeks: 28/8 – 6/9/2024, and thereafter at 1.20pm. Details on the arrangements for the 2 class groups and 1st day of school will be sent out later this month. 

AN BORD BAINISTÍOCHTA/BOARD of MANAGEMENT 
Re: School Financing and Operation/Maoiniú agus Feidhmiú na Scoile 
Mar is eol daoibh, bíonn maoiniú do scoileanna mar dheacracht i gcónaí agus níl aon eisceacht ann i dtaobh Gaelscoil Chnoc na Ré, ach go háirithe le deontais na Roinne laghdaithe go mór le déanaí. I mbliana, teastaíonn ón mBord Bainistíochta an gannchion airgid i dtaca le costais oibriúcháin na scoile a láimhseáil le ranníocaíocht dheonach. Leanfaidh tuismitheoirí Cairde leo ag eagrú gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid a bheidh dírithe ar fhorbairt na scoile ar bhonn leanúnach. Tá rátaí na ranníocaíochta socraithe againn mar a bhí ann anuraidh, ’sé sin:  

  • Teaghlach le páiste amháin   €70 
  • Teaghlach le beirt pháiste    €100 
  • Teaghlach le triúr páistí ar a laghad  €110

Cé gur féidir an t-airgead a íoc ón lá a fhaigheann tú an litir seo, tá fhios againn go bhfuil brú airgid ar dhaoine, mar sin iarrfar ort an t-airgead a íoc ina dhá chuid, is é sin €35, €50 nó €55 ag brath ar an méid páistí ón teaghlach atá ag freastal ar an scoil. Beidh an dá chuid le híoc faoin 30ú Meán Fómhair 2024 agus 1ú Márta 2025. Beimid ag brath ar lántacaíocht uaibhse chun ár sprioc-ioncam a bhaint amach.
Shocraíomar na rátaí ag leibhéal chomh híseal agus ab fhéidir i ngeall ar an staid eacnamaíoch faoi láthair. Níl a bhac ort ranníocaíocht níos airde a íoc más acmhainn duit agus bheimis an-bhuíoch díot as ucht do fhlaithiúlachta agus do thiomantais don scoil. Mura bhfuil ar do chumas an méid thuasluaite a íoc áfach, mholfaimis duit dul chun cainte le Micheál. Is eadraibh amháin a bheidh an comhrá agus coinneofar faoi rún é. Ar mhaithe le cothramaíocht, ta sé i gceist ag an mBord meabhráin a eisiúint más gá i gcásanna nach bhfuil teagmháil déanta le Mícheál mar atá leagtha amach thuas.  
As you are well aware, funding for schools is an annual issue and Gaelscoil Chnoc na Ré is no exception. Department of Education & Skills grant aid is insufficient. This year the Board of Management again seeks to raise the shortfall in school operating costs by way of the voluntary contribution. Cairde fund raising will be dedicated to the continued development of the school. We aim to raise an amount of €9,000 and have decided that voluntary contribution rates for the current year will be retained at last year’s levels ie 

  • Family with one child only      €70 
  • Family with two children   €100 
  • Family with three or more children   €110 

While payment may be made from the date of this letter, we are extremely conscious that there are many costs facing each of us we will seek payment in two moieties in equal amounts of €35, €50 or €55 depending on the number of children from your family attending the school. The final dates for payment of each moiety are 30th September 2024 and 1st March 2025. Achieving our target income will require your full support. 
We have kept the rates as low as possible, conscious of the current economic conditions. If you are in a position to contribute at a higher rate we would encourage you to do so and will be greatly appreciative of your generosity and commitment to the school. Equally however if your circumstances are such that making a contribution in the amount stated above, is a burden you cannot now meet, please talk to Mícheál. Such discussions will be entirely between you and him and will remain totally confidential to you both. To ensure equity to all parents/guardians it is the Board’s intention to issue reminders where payment is not made and where no communication as described above is made to and agreed with Michéal.