SAOIRE NA CÁSCA/EASTER HOLIDAYS
Dúnfaidh an scoil i gcóir laethanta saoire na Cásca ar an Aoine seo, 11 Aibreáin ag 12:00 i.n. agus osclóidh sí arís ar an Luan 28 Aibreáin ag 8.40 r.n.
School will close for Easter holidays this coming Friday 11th April at 12:00 noon and will re-open on Monday 28th April at 8:40am.
COMHGHAIRDEAS!
Guímid gach ráth ar Mhúinteoir Katie & Luke a bheidh ag pósadh i rith saoire na Cásca!
Best wishes to Múinteoir Katie & Luke who will be getting married during the Easter holidays!
CÓR NÁISIÚNTA na nÓG/NATIONAL CHILDRENS CHOIR
Ádh mór lena páistí ó Ranganna 5 agus 6 a bheidh ag ghlacadh páirt i gceolchoirm na scoileanna ar an Deardaoin seo in Ardeaglais Naomh Mel i Longfort, ag 8pm. Tá an-obair curtha isteach acu, faoi stiúr Mtr. Liz, Mtr. Dara agus Mtr. Gráinne, le repertoire de 15 amhráin le foghlaim acu! Tá ticéid (€15) ar fáil fós ón oifig.
Good luck to the children from Ranganna 5 and 6 who will be taking part in the schools concert this Thursday in St. Mel’s Cathedral in Longford, at 8pm. They have put in a lot of work, under the direction of Mtr. Liz, Mtr. Dara and Mtr. Gráinne, with a repertoire of 15 songs for them to learn! Tickets (€15) are still available from the office.
SACAR
Comhghairdeas lenár bhfoireann sacair bhuachaillí (Dylan, Liam, Scott, Teddy, Harry Ó, Harry Mac, Ciarán agus Eoghan) atá mar sheaimpíní an Chontae agus a rachaidh ar aghaidh anois chun ionadaíocht a dhéanamh ar Shligeach i gcluiche ceannais Chonnacht an mhí seo chugainn.
Congratulations to our Boys 5-a-side soccer team (Dylan, Liam, Scott, Teddy, Harry Ó, Harry Mac, Ciarán & Eoghan) who are County champions and will now go on to represent Sligo in the Connacht finals next month.
CAIRDE TRÁTH na gCEIST/QUIZ
Bhí an-oíche againn ar an Aoine seo caite. Míle Buíochas le gach duine a ghlac páirt agus dona tuismitheoirí a d’eagraigh é. Cé go raibh an bhéim ar deis sósialta do thuismitheoirí, d’éirigh linn €800 a ardú don scoil, idir síntúis ó dhaoine nach raibh in ann teacht agus an crannchur. Míle Buíochas le gach duine a thug nó a d’aimsigh spotdhuais.
We had a great night last Friday. Thanks to everyone who took part and to the parents who organised it superbly. Although the emphasis was on a social opportunity for parents, we managed to raise €800 for the school, aided by donations from people who couldn’t come and the raffle. Many thanks to everyone who donated or sourced a spot prize.
RANG SPEISIALTA/SPECIAL CLASS
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Rang Speisialta don Uathachas á oscailt againn i Meán Fómhair na bliana seo. Feidhmeoidh an rang seo trí mheán na Gaeilge, ag cloí le heiteas teangeolaíochta na scoile. Tá an clárúchán don rang seo oscailte go dtí an 28/4.
We are pleased to announce that we will be opening a Special Class for Autism in September of this year. This class will operate through the medium of Irish, in keeping with the school’s linguistic ethos. Registration for this is now open until the 28th of this month.