BLIAINIRIS/YEARBOOK
Tá an scoil agus CAIRDE ag foilsiú bliainiris an mhí seo, dar teideal SÚIL SIAR. Súil Siar ar imeachtaí na bliana is mó atá ann, le neart grianghrafanna a léiríonn bliain scoile gnóthach i nGaelscoil Chnoc na Ré! Tugann sé deis dúinn freisin ‘Slán agus Beannacht’ a rá lena páistí i Rang a 6 atá ag críochnú linn i mbliana agus iad ag díriú anois ar an meánscolaíocht. IBeidh cóipeanna ar fáil roimh dheireadh na míosa, tuilleadh sonraí níos déanaí. Clúdóidh díol na gcóipeanna (tá súil againn) na costais priontála ach táimid ag díol fógraí chun airgead a bhailiú don scoil. Más mian leat féin nó le d’áit oibre fógra a chur ann, an féidir leat teagmháil a dhéanamh le Mícheál nó Muireann (0719174019 / scoil@cnocnare.net ) chomh luath agus is féidir agus cuirfimid litir oifigiúil chuig an ngnó. GRMA!
The school and CAIRDE are publishing a yearbook this month, called SÚIL SIAR. Súil Siar (looking back or review) is a pictorial review of the highlights of the past (busy!) school year. It also affords us an opportunity to wish Rang 6 a happy and healthy future, as they prepare to leave us after eight years and graduate to secondary school. Copies will be available before the end of the month, more details later. The sale of copies will (hopefully) cover the printing costs but we are selling advertisements to raise funds for the school. If you or your place of work wish to take out an advertisement, can you contact Mícheál or Muireann (0719174019 / scoil@cnocnare.net ) ASAP and we will forward an official letter to the business. GRMA!
MEABHRÁN/REMINDER – ANOCHT/TONIGHT
Cruinniú Tuismitheoirí Nua sa scoil ag 7.30 i.n.
Meeting in school for parents of new children starting Sept.’25 at 7.30PM
DÍOLÁCHÁIN CÁCAÍ/BAKE SALE
Comhghairdeas le Múinteoir Dara agus Rang 5 a d’ardaigh €700 ar an Luan! Míle Buíochas libh ar fad as bhur dtacaíocht le seo.
Congratulations to Múinteoir Dara and Rang 5 who raised €700 on Monday! Thank you to all the parents and children in the school for supporting and contributing such a huge amount!
TG4 & LÁ DUBH agus BÁN/BLACK & WHITE DAY for TG4
Beidh TG4 ag taifeadadh sa scoil an Déardaoin seo chugainn, 12 Meitheamh. Ba chóir do pháistí teacht gléasta in éadaí dubha agus bána / geansaithe Shligigh etc. (dathanna an chontae)
TG4 will be recording in the school this coming Thursday, June 12th. Children should come dressed in black and white clothes / Sligo jerseys etc. (county colours)