Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR 19/06/23

Comhghairdeas le/Congratulations to: 

  • Páistí Rang 6 agus Múinteoirí Katie & Katríona as an díolachán cácaí rathúil Dé hAoine seo caite! Bailíodh €533 ar son an scoil i TumuTumu. Míle buíochas do na páistí agus na tuismitheoirí ar fad as bhur síntiúis.
  • Juliet i Rang 6 a bhuaigh comórtas fada poc camógaíochta Chumann na mBunscol le déanaí.
  • Fionnuala (Naí Shóis), Amber & Aidan (R2) agus Eoghan (R5) a gnóthaigh teastas molta i gcomórtas ealaíne Texaco i mbliana.
  • Na páistí ar fad a ghlac páirt agus a bhuaigh duaiseanna i gcomórtais Fleadh Shligigh san amhránaíocht, ceol uirlise agus grúpaí cheoil.
  • The children of Rang 6 and Múinteoirí Katie & Katríona for the successful cake sale last Friday! €533 was raised for TumuTumu. Many thanks to all the children and parents for your contributions.
  • Juliet in Rang 6 who won the Cumann na mBunscol camogie long puck competition recently.
  • Fionnuala (Naí Sóis), Amber & Aidan (R2) and Eoghan (R5) who obtained a commendation certificate in the Texaco art competition this year.
  • All the children who took part and won prizes in the Sligo Fleadh competitions in singing, instrumental music and music groups.

Lá Spóirt/Sports Day
Tá súil againn Lá Spóirt a eagrú do na páistí, ag braith ar an aimsir, ar an gCéadaoin seo, 21ú. Tá cúpla cóitseálaí ó ‘Spórt & Spraoi’ eagraithe ag CAIRDE le cuidiú linn agus beidh Niall Feehily, ó Naomh Muire linn freisin. Beidh neart imeachtaí spóirt ar siúl ar maidin agus tá fáilte roimh thuismitheoirí teacht ó 12.30 chun féachaint ar na rásaí srl.

This Wednesday, 21st, weather permitting, we hope to organise Sports Day for the children.  CAIRDE have organised a couple of coaches from ‘Spórt & Spraoi’ to help out and Niall Feehily, from St. Mary’s will also be with us. The morning will consist of numerous sports activities and parents are welcome to attend from 12.30 to view the races etc. 

School Accounts
Meabhrúchán GACH cuntas scoile a réiteach roimh an Aoine 30 Meitheamh le bhur dtoil. Áirítear leis seo an ‘Seirbhís Iarscoile’ agus aon íocaíochtaí atá dlite do Carl Brennan as grianghraif Chomaoineach & Chóineartaithe. Cuirfidh Muireann aon airgead breise in iúl do dhaoine agus aistreofar é go dtí an bhliain seo chugainn más gá. Cuimhnigh le do thoil go mbaineann an Ranníocaíocht le GACH leanbh sa scoil agus tá go leor íocaíochtaí fós le híoc. Seiceáil do chuntas Aladdin le do thoil nó seiceáil le Muireann mura bhfuil tú cinnte. Míle buíochas. scoil@cnocnare.net 071 9174019 nó 086 0380060

Reminder to all to settle up ALL school accounts before Friday 30th June please. This includes ‘Afterschool Service’ and any payments owed to Carl Brennan for Communion & Confirmation photos. Any overpayments will be notified to individuals by Muireann and can be transferred to next year if applicable. Please remember that the Contribution is for ALL children in the school and many payments remain outstanding. Please check your Aladdin account or check with Muireann if you are unsure. Míle buíochas. scoil@cnocnare.net  071 9174019 or 086 0380060