Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR MEITHEAMH 25, 2017

MÚINTEOIR MÁIRE AR SCOR/RETIREMENT
Is le brón a fhograímid go mbeidh Múinteoir Máíre ag éirí as a post múinteoireachta i rith an tSamhraidh, tar éis 15 bliana caite linn i nGaelscoil Chnoc na Ré. Sa tréimhse sin mhúin sí na Naíonáin Shóisir agus, le cúpla bliain anuas, Rang 1. Múinteoir den scoth í Máire a bhí cumasach, tuisceanach, eolasach, dea-eagraithe agus cothrom agus chuaigh sí i gcion go mór ar pháistí, ar thuismitheoirí agus ar fhoireann na scoile. Bhí sí lán-dáiríre faoina post agus bhí leas gach aon dalta mar sprioc aici. Idir tús agus deireadh an lae scoile níor chuir sí nóiméad amháin amú. Bhí an rath ar a cuid ranganna agus rinne gach aon dalta a bhí faoina cúram dul chun cinn an-mhaith. Cuid lárnach d’fhoireann agus spiorad na scoile ab í Máire agus is cinnte go mbraithfimid go léir uainn í. Beidh ceiliúradh againn i ndiaidh an tsamhraidh le cúnamh Dé, agus beimid i dteagmháil libh faoi sin níos cóngaraí don am. Gabhaimid buíochas le Máire dá cuid oibre linn agus a cairdeas; guímid saol fada, sona, sláintiúil uirthi agus guímid gach rath uirthi agus í ar scor!
It is with regret that we inform you of Múinteoir Máire’s retirement from teaching this summer, having spent the last 15 years of her career with us here in the Gaelscoil. During that time she taught the Junior Infants class and, in recent years, Rang 1. As you all know, Múinteoir Máire is an excellent teacher – highly competent, understanding, knowledgeable, well-organised and fair and has had a tremendous influence on all the children, parents and school staff. She was totally dedicated to her work and the children in her care were always her top priority. Between the beginning and end of the school day not a minute was wasted! All the children in her class blossomed as a result and each child made great progress under Máire’s guidance and direction. Máire was an integral part of the staff and school and she will be greatly missed in the staffroom and classroom. We hope to hold an occasion to mark her contribution to the Gaelscoil after the summer, and we will contact you about this nearer the time. We thank Máire for being a wonderful teacher and friend and we wish her a long, happy and healthy life and hope that she has a very enjoyable retirement.

RANGANNA / CLASSES for 2017-2018
Toisc laghdú ar líon na bpáistí a bheidh ag tosú linn, ní bheidh ach rang amháin Naíonáin Shóisir againn i Meán Fómhair. Is í Múinteoir Lynne a bheidh ag obair leo, le cabhair ó Mhúinteoir Katríona dona himeachtaí AISTEAR.
Due to a reduction in the number of children starting in September, there will be only one Junior Infant class next year. Múinteoir Lynne will be their class teacher, supported by Múinteoir Katríona for AISTEAR activities.

Seo mar a bheidh na ranganna roinnte don scoilbhliain nua. Beidh 2 mhúinteoir le earcú i rith an tsamhraidh (Oid. Speisialta agus Rang 4)
Classes will be divided as follows for the new school year. Two teachers will be appointed during the summer (Special Ed. and Rang 4)

· Naíonáin Shóisir/Junior Infants – Múinteoir Lynne
· Naíonáin Shinsir/Senior Infants – Múinteoir Liz
· Rang 1 – Múinteoir Dara
· Rang 1&2 – Múinteoir Fiona
· Rang 2 – Múinteoir Jade
· Rang 3  – Múinteoir Aengus
· Rang 4 – Múinteoir –le socrú/to be confirmed
· Rang 5  – Múinteoir Gráinne
· Rang 6  -Múinteoir Samantha
· Oideachais Speisialta/Special Ed – Múinteoir Katríona
· Oideachais Speisialta/Special Ed – Múinteoir Yvonne/ Múinteoir Herta
· Oideachais Speisialta/Special Ed  -Múinteoir –le socrú/to be confirmed
· Príomhoide  – Múinteoir Mícheál

Lá Gníomhachtaí/Spóirt – Activities/Sports Day
Bhí lá iontach againn, agus aimsir réasúnta freisin. Míle buíochas do mhúinteoir Samantha agus Rang 6 agus don fhoireann as ucht é a stiúradh agus do chách a chabhraigh linn.
We had a great day, and were fortunate with the weather! Many thanks to Múinteoir Samantha and Rang 6 as well as the staff for all their work and to all who helped on the day.

CUMANN na mBUNSCOL
Mí-ádh le foireann cailíní na scoile a d’imir i gCraobh Cumann na mBunscol le déanaí. Cé nár éirigh leo ar an lá, d’imir siad go hiontach. Míle buíochas le Múinteoir Lynne agus Múinteoir Laura-Ann a stiúraigh iad.
Hard luck to the girls’ football team who played brilliantly but were narrowly beaten in the Cumann na mBunscol Plate Final last week. Many thanks to Múinteoir Lynne and Múinteoir Laura-Ann for taking charge of them.

LAETHANTA SAOIRE/HOLIDAYS
Beidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 ar an Mháirt seo, 27 Meitheamh, dona laethanta saoire. Beidh an scoil ag athoscailt ar AN DÉARDAOIN 31ú Lúnasa 2017.
School will close for Summer Holidays at 12pm this Tuesday 27th June. The opening day for the new school year will be THURSDAY August 31st 2017 at 8.50 a.m.