Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR, MÁRTA 28 2025

EASON SPELLING BEE 
Comhghairdeas ollmhór le Teddy ó Rang 6 a bhuaigh craobh an chontae den chomórtas Eason Spelling Bee. Rachaidh se ar aghaidh anois go dtí Craobh Chonnacht. 

Huge congratulations to Teddy (R6) who was recently crowned Sligo County Spelling Bee champion! He will now represent Sligo in the Connacht final later this year.

MÓRSHIÚIL LÁ LE PÁDRAIG – ST. PATRICK’s DAY PARADE 2025
Comhghairdeas le na páistí go léir a ghlac páirt sa Pharáid. Bhí an-áthas orainn an corn don scoil is fearr a bhuachaint. Tuillte go maith, bhí an cur i láthair agus líon na ndaoine a ghlac páirt ar fheabhas. Míle buíochas dona baill foirne agus an slua mór tuismitheoirí a chabhraigh linn ar an lá, chomh maith le gach duine a chabhraigh linn na frapaí a dhearadh. Maith sibh!

Congratulations to all the children who took part in the parade. It was great to win the prize for the best school! Well deserved, the display and participation were fantastic! Many thanks to the staff members and the large number of parents who helped out on the day, as well as all who helped prepare and design the props in the week leading up to the Parade. Well done all!

RANG 2
Comhghairdeas le Mtr. Emily & páistí Rang 2 a rinne a gCéad Faoistin ar an Déardaoin sa scoil agus iad ag ullmhú don Chéad Chomaoineach ar 10 Bealtaine.

Well done to Mtr. Emily and the children in Rang 2 who made their First Confession on Thursday morning in the school, in preparation for First Holy Communion on 10 May.

SEACHTAIN NA GAEILGE
Míle Buíochas le Mtr. Yvonne agus foireann na scoile as ucht imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a eagrú le mí anuas. Muna raibh deis agat an €5 a lorgaíomar ó gach chlann a chur isteach go fóill, tá am ann fós.

Many thanks to Mtr. Yvonne and the school staff for organising the events over the past month. If you haven’t had a chance to donate the €5 we asked for from each family towards the costs yet, there’s still time. GRMA!

GALA SNÁMHA
Comghairdeas mór lena páistí a ghlac páirt i Gala Snámha na Scoileanna le déanaí. Míle buíochas le Bríd & Muireann as iad a eagrú agus le Mtr. Samantha as ucht iad a stiúradh ar an lá. Buíochas freisin dona tuismitheoirí (Edel & Caoimhe) a thug cabhair mór dúinn ar an lá. Comhghairdeas le Aidan (R4) a bhuaigh bonn óir agus bonn chré-umha.

Congratulations to all the children who took part in the Schools Swimming Gala recently . Many thanks to Bríd & Muireann for organising and to Mtr. Samantha who looked after them at the pool. Thanks also to the parents (Edel & Caoimhe) who helped on the day. Well done to Aidan who won gold and bronze medals.

ÁDH MÓR le/GOOD LUCK to:
•    Aidan (R4) a bheidh ag snámh ar son na scoile i gcomórtas Minor Schools ag an deireadh seachtaine
•    Foireann Fichille na scoile a bheidh ag ghlacadh páirt i bhFéile Ficheall Chonnacht ar an Mháirt seo chugainn. Buíochas le Mtr. Aengus as iad a eagrú.

•    Aidan (R4) who will be swimming for the school in the All-Ireland Minor Schools competition at the weekend. 
•    The school’s Chess team who will be taking part in the Connacht Féile Ficheall next Tuesday. Thanks to Mtr. Aengus for organising them.

CAIRDE UPDATE: TRÁTH na gCEIST/QUIZ NIGHT 4/4/25 St. Marys
Beidh Tráth na gCeist ar siúl againn i gClubtheach Naomh Mhuire ar an Aoine 4 Aibreán, féach an póstaer faoi iamh. Táblaí de 4 – €20 ach is féidir linn táblaí a chruthú ó dhaoine a thagann chomh maith , mar sin ná bíodh easpa foirne ina bac ort teacht! Tá an bhéim ar ghné shóisialta CAIRDE , chomh maith le tiomsú airgid don scoil. Beidh raifil á reáchtáil againn ar an oíche freisin agus is féidir spotduaiseanna chuige seo a bhronnadh ar oifig na scoile. Bígí Linn!!

We will be holding a Quiz Night in St. Mary’s Clubhouse on Friday April 4th, see poster attached. Tables of 4 – €20 but we can also create tables from individuals who come along, so please don’t let not having a team stop you from attending! The emphasis is on the social aspect of CAIRDE with the added benefit of fundraising for the school. We will also run a raffle on the night and spot prizes for this can be donated to the school office. See you there!!

LAETHANTA DÚNTA/SCHOOL CLOSURE DATES
Dúnfaidh an scoil i gcóir laethanta saoire na Cásca ar an Aoine 11 Aibreáin ag 12:00 i.n. agus osclóidh sí arís ar an Luan 28 Aibreáin ag 8.40 r.n.

School will close for Easter holidays on Friday 11th April at 12:00 noon and will re-open on Monday 28th April at 8:40am.

CAIRDE-Quiz