Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR 29/06/2024

MÍLE BUÍOCHAS!!
Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh! Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a a bhí baint acu leis an scoil i mbliana. Míle buíochas libhse, na tuismitheoirí, as bhur dtacaíocht agus bhur ndílseacht i rith na bliana. Is mór againn bhur gcomhoibriú. Guím gach dea-ghuí ar Rang 6 atá ag imeacht agus a bheidh ag tosú ar an Meánscoil tar éis an tsamhraidh.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann ar fad, Múinteoirí Yvonne, Jade, Laura Ann, Katríona, Emily, Caitlin, Herta, Katie, Liz, Gráinne, Lynne, Aengus & Dara, ár SNAnna Síle, Sorcha, Bríd & Bríana, Muireann ár Rúnaí agus Kevin, as a gcuid oibre go léir don scoil agus do na daltaí. Buíochas speisialta lenár gCathaoirleach Bartley Ó Gabháin agus an Bord Bainistíochta a thugann go flaithiúil lena gcuid ama i gcónaí, agus le baill CAIRDE.

Athosclaíonn an scoil Dé Céadaoin 28 Lúnasa 2024 @ 8.40r.n. agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh ar ais agus roimh na páistí nua a bheidh ag tosú linn. Idir an dá linn, guím samhradh suaimhneach, taitneamhach agus sábháilte ar gach duine. Tugaigí aire daoibh féin agus dá chéile.

Summer is finally here! I would like to express my gratitude to all involved with the school who have contributed to the effort during the past school year. Many thanks to you, the parents, for your support and loyalty throughout the year. Best wishes to our departing Rang 6 who will be starting Secondary school after the summer.

I would like to thank all the staff, Múinteoirí Yvonne, Jade, Laura Ann, Katríona, Emily, Caitlin, Herta, Katie, Liz, Gráinne, Lynne, Aengus & Dara, our SNAs Síle, Sorcha, Bríd & Bríana, Muireann our Secretary, and Kevin for all their work for the school and the pupils during the year. Special thanks to Bartley Ó Gabháin and the Board of Management who give freely of their time always, and to all in CAIRDE for their continued support. Míle Buíochas libh go léir!

School reopens on WEDNESDAY August 28th 2024 @ 8.40 a.m. and we look forward to welcoming you back as well as the new children who will be joining us. In the meantime, I wish everyone a restful, enjoyable and safe summer. Mind yourselves and each other.
Múinteoir Mícheál