Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NÓTA/NOTE Lúnasa 29, 2024

Fáilte ar ais gach duine! Fáilte speisialta don 24 Náionáin nua a thosaigh linn inné agus ár bpáiste nua Rónán – guímid gach rath orthu linn anseo thar na blianta atá romhainn.
Welcome back everyone! A special welcome to the 24 new Infants who started yesterday and our new pupil Rónán – we wish them all the best over the coming years.

MEABHRÁN/REMINDER
Tabhair faoi deara go mbeidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 AMÁRACH Aoine 30ú Lúnasa, le haghaidh Cruinniú Foirne.
Please note that the school will close at 12pm TOMORROW, Friday, 30th August for a staff meeting.

Corp Oideachais/P.E.:
Beidh Corp Oideachais ar siúl ar an gCéadaoin agus Aoine dona ranganna ar fad. Ní chóir an éide reatha a chaitheamh ar aon lá eile.
P.E. will be on Wednesday and Friday for all classes. These are the only days that the tracksuit should be worn.

Gaeilge/Irish:
Beidh na múinteoirí ag cur béim faoi leith ar labhairt na Gaeilge i gcónaí agus tá súil againn go spreagfaidh tuismitheoirí na páistí agus an Ghaeilge atá acu féin a úsáid leo ó am go ham. Féach freisin http://irishforparents.ie/
We are putting special emphasis on spoken Irish in the school and we hope that parents will encourage their children and use whatever Irish they have themselves with them from time to time. See also http://irishforparents.ie/