Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

Nuachtlitir – Samhain 02/11/15

Temple Street
Buíochas mór do na páistí agus tuismitheoirí go léir. Bhailíomar os cionn € 200 i mbliana le haghaidh Ospidéal na Leanaí, Sráid an Teampaill. An-mhaith! Muma raibh deis agat fós síntúis a thabhairt is féidir é a dhéanamh roimh an Aoine seo, 6 Samhain. Maith sibh go léir!  
A big thank you to all parents and children. We raised over €200 this year for Temple Street Childrens Hospital through our Halloween dressing up and Board Games Day. Well Done! If anyone still wishes to donate, please ensure this is submitted by Friday 6th November. GRMA!

Comhghairdeas/Congratulations
Comhghairdeas le foireann Naomh Mhuire, ach go háirithe an bainisteoir Tommy Breheny agus na iardhaltaí ón nGaelscoil (Gearóid Ó Ceallaigh-Loinsigh, Dylan Mac Ghiolla Chaillín, Cian Mac an Bhreithiúnaigh & Brian Ó Dónaill) a bhuaigh Craobh peile an Chondae le déanaí! Tá súil againn go dtiocfaidh corn Owen B. Hunt ar cuairt chun scoile go luath.
Congratulations to St. Mary’s, especially team manager Tommy Breheny and our past pupils Gearóid Ó Ceallaigh-Loinsigh, Dylan Mac Ghiolla Chaillín, Cian Mac an Bhreithiúnaigh & Brian Ó Dónaill, who won the Sligo Senior Football Championship last week! We look forward to welcoming the Owen B. Hunt Cup to the school soon.

An Tionscnamh maidir le Bratach don Scoil/ Flags for Schools Initiative
D’fhonn comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain ó tharla Éirí Amach 1916 agus ó fógraíodh Poblacht na hÉireann, tá leagtha de chúram ag an Rialtas ar Óglaigh na hÉireann an Bhratach Náisiúnta a thabhairt chuig gach bunscoil sa tír. Is cuid bhuntábhachtach de chlár comórtha Éire 2016 an tionscnamh seo trína mbeidh comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann, faoina gcuid éide, ag tabhairt cuairt ar dhaltaí scoile, ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí i líon níos mó ná 3,200 scoil ar fud na Poblacht. Tá ár gcuairt socraithe don Aoine seo, 6ú SAMHAIN, am le deimhniú. Leanfaidh an chuairt an fhormáid seo a leanas:

  • Teacht fhoireann Óglaigh na hÉireann chun na scoile: fáilte agus réamhrá
  • Forógra 1916 agus an comhthéacs
  • Léamh an Fhorógra, le dalta (nó daltaí) réamhainmnithe ag léamh sleachta réamhroghnaithe
  • An Bhratach Náisiúnta – C&F maidir leis an mBratach do na daltaí
  • Cúrsaí Prótacail maidir leis an mBratach – an dóigh le cúram a dhéanamh den Bhratach Náisiúnta
  • Bronnadh na Brataí ar dhuine réamhcheaptha (dalta, ionadaí de chuid na scoile nó an Príomhoide)

Ní leanfaidh an searmanas in aon scoil níos faide ná 30 nóiméad. Tuilleadh eolais ag http://www.military.ie/ie/ionad-eolais/oglaigh-na-heireann-2016/an-tionscnamh-maidir-le-bratach-don-scoil/ 
To commemorate the centenary of the 1916 Rising and to celebrate 100 years since the Proclamation of the Irish Republic, the Government has tasked Óglaigh na hÉireann with delivering a National Flag to every Primary School in the country. This is a key part of the Ireland 2016 commemorative programme and will see members of Óglaigh na hÉireann, in uniform, visiting schoolchildren, teachers and parents in over 3,200 schools across the Republic. Our visit is scheduled for this Friday, November 6th, time to be confirmed. The format for the visit to will be as follows:

  • Arrival of the Defence Forces team at the school: welcome and introductory remarks.
  • The 1916 Proclamation in context.
  • Reading of the Proclamation, with a nominated pupil (or pupils) reading a pre-selected extract.
  • The National Flag – Q&A for the students on our Flag.
  • Flag Protocols how we should care for our National Flag
  • Presentation of the Flag to an appointed person (a pupil, representative from the school or Principal).

Each ceremony will last not more than 30 minutes per school.
We will send out details of time etc., when we get that information. See http://www.military.ie/en/info-centre/defence-forces-2016/flags-for-schools-initiative/

Cruinnithe Tuistí-Múinteoirí/Parent-Teacher Meetings
Beidh siad ar siúl ar an gCéadaoin 25ú & Déardaoin 26ú Samhain. Cuirfearclár agus tuilleadh sonraí amach i rith na seachtaine seo chugainn. Féachaigí sna málaí scoile. Má tá lá faoi leith níos fearr duit, cuir é sin in iúl dúinn roimh an AOINE SEO 6ú Samhain.
These will take place on Wednesday 25th & Thursday 26th November 2014. A timetable and more details will be sent out next week. Please check the schoolbags! If one date suits better than the other, please let us know by THIS FRIDAY 6th November.

NB: Cruinniú Foirne/Staff Meeting
Beidh na páistí ag críochnú ag 12:00 ar an Aoine, 27ú Samhain, toisc cruinniú foirne ag na múinteoirí.
All children will finish school at 12:00pm on Friday, 27th November, for a staff meeting.

Dioscó na Samhna/ Halloween Disco
Míle buíochas le CAIRDE agus lena tuistí agus na múinteoirí a rinne maoirseacht ar na páistí roimh, le linn agus i ndiaidh an dioscó. Bhí sé iontach tuistí nua a fheiceáil ag cabhrú linn i mbliana. Buíochas ar leith le tuismitheoir na scoile Richard Kelly, Supervalu Baile an Mhóta, a rinne urraíocht ar an mbia agus deochanna dona páistí agus do Oliver Alcorn don bhfearais fuaime.
Thanks to CAIRDE and all the parents and múinteoirí who helped supervise the children during and after the disco. It was great to see many new parents getting involved. Thanks especially to parent Richard Kelly, Supervalu Ballymote, who donated the food and drinks for the children again this year, and to Ollie Alcorn for the use of the sound system.