Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR, IÚIL 4 2023

MÍLE BUÍOCHAS!!
Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh! Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a a bhí baint acu leis an scoil i mbliana. Míle buíochas libhse, na tuismitheoirí, as bhur dtacaíocht agus bhur ndílseacht i rith na bliana. Is mór againn bhur gcomhoibriú. Guím gach dea-ghuí ar Rang 6 atá ag imeacht agus a bheidh ag tosú ar an Meánscoil tar éis an tsamhraidh. 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann ar fad, Muínteoirí Yvonne, Jade, Norah-Ellen, Emily, Samantha, Herta, Liz, Katríona, Katie, Gráinne, Aengus & Dara, ár SNAnna Síle, Sorcha & Bríd, Muireann ár Rúnaí agus Kevin, as a gcuid oibre go léir don scoil agus do na daltaí. Buíochas speisialta lenár gCathaoirleach Bartley Ó Gabháin agus an Bord Bainistíochta a thugann go flaithiúil lena gcuid ama i gcónaí, agus le baill CAIRDE.

Athosclaíonn an scoil Dé Céadaoin 30 Lúnasa 2023 @ 8.40r.n. agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh ar ais agus roimh na páistí nua a bheidh ag tosú linn. Idir an dá linn, guím samhradh suaimhneach, taitneamhach agus sábháilte ar gach duine. Tugaigí aire daoibh féin agus dá chéile.
Summer is finally here! I would like to express my gratitude to all involved with the school who have contributed to the effort during the past school year. Many thanks to you, the parents, for your support and loyalty throughout the year. Best wishes to our departing Rang 6 who will be starting Secondary school after the summer. 

I would like to thank all the staff, Muínteoirí Yvonne, Jade, Norah-Ellen, Emily, Samantha, Herta, Liz, Katríona, Katie, Gráinne, Aengus & Dara, our SNAs Síle, Sorcha & Bríd, Muireann our Secretary, and Kevin for all their work for the school and the pupils during the year. Special thanks to Bartley Ó Gabháin and the Board of Management who give freely of their time always, and to all in CAIRDE for their continued support. Míle Buíochas libh go léir!

School reopens on WEDNESDAY August 30th  2023 @ 8.40 a.m. and we look forward to welcoming you back as well as the new children who will be joining us. In the meantime, I wish everyone a restful, enjoyable and safe summer. Mind yourselves and each other.
Múinteoir Mícheál

NUASHONRUITHE SCOILE NUA/ NEW SCHOOL UPDATE
Leanann an próiseas chun ár scoil nua a thógáil. Tá an fhoireann Dearaidh ceaptha anois agus beidh ár gcéad cruinniú leo amárach, Dé Céadaoin.

The process to construct our new school continues. The Design Team has just been appointed and our initial meeting with them takes place tomorrow, Wednesday.  

LEABHARLIOSTAÍ/BOOKLISTS 2023 (click here for more info)
Mar is eol daoibh, cuirfear tús le scéim Leabhair Bunscoile in Aisce na leabhar do gach páiste bunscoile i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Ó Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh beidh na téacsleabhair scoile, na leabhair oibre agus na cóipleabhair uile maoinithe ag an rialtas, faoi réir uaschaiteachais de €96 an páiste. Mar a bhí roimhe seo, leanfaidh an scoil ag aimsiú na nearraí go léir agus ag feidhmiú scéim cíosa leabhar nuair is cuí.
Ní chlúdaíonn an deontas seo na nithe seo a leanas:
•    Ábhair Ealaíne & Ceardaíochta
•    Aistear (naíonáin)
•    Stáiseanóireach
•    Fótachóipeáil
•    Costais Bhreise ar Chóitseálaithe agus Theagascóirí Seachtracha
•    Clúdach Leabhair
•    Cluasáin
•    Árachas
Leanfaidh an scoil ar aghaidh ag gearradh táille dona hearraí seo. Go praiticiúil, laghdófar costas bliantúil na leabharliosta go suntasach. Tá obair ar siúl chun na costais seo a thabhairt chun críche agus beidh tuilleadh sonraí curtha chugaibh i rith na míosa.

As you are no doubt aware the free school books scheme will commence for all primary school children next September. From September 2023 all school textbooks, workbooks and copybooks will be funded by the government, subject to a maximum expenditure of €96 per child. As before, the school will continue to source all items and operate a book rental scheme where applicable.
This grant does not cover the following:
•    Art & Craft materials
•    Aistear (infants)
•    Stationery
•    Photocopying
•    Additional Costs for Outside Coaches and Tutors
•    Book Covering
•    Headphones
•    Insurance
The school will continue to charge for these items. In practical terms, the annual booklist cost will be substantially reduced. Work is ongoing to finalise these costs and more details on this will follow later this month.