Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR 12/5/23

CÉAD CHOMAOINEACH – Rang 2/ FIRST COMMUNION – R2
Ádh mór lena páistí i rang Mtr. Emily atá ag ulllmhú don Chéad Chomaoinech ar an Satharn seo, 13 Bealtaine. Beidh cór & ceoltóirí na scoile ann chomh maith agus iad féin agus Múinteoir Gráinne ag ullmhú go dian chuige seo. Tá fáilte roimh cách chuig an ócáid speisialta seo.  Comhghairdeas freisin lena páistí a rinne a gcéad Fhaoistin le déanaí agus buíochas le Múinteoir Emily as ucht iad a ullmhú.
Good luck to the children in R2 (Mtr. Emily) preparing for First Communion this SATURDAY May 13th. Many of the school choir & musicians will also be present, and they and Múinteoir Gráinne are preparing hard for the event. Everyone is welcome to attend this special occasion. Congratulations also to the children who made First Confession recently, and to Mtr. Emily for preparing them so well.

CÓINEARTÚ/CONFIRMATION
Guímis gach ráth ar na páistí ó Rang 6 agus múinteoirí Katie agus Katríona atá ag ullmhú go dian don Chóineartú a bheidh ar siúl an Aoine seo chugainn, 19 Bealtaine ag 4 i.n. san ArdEaglais.  Tá fáilte roimh cách.
We wish every blessing to Rang 6 and múinteoirí Katie and Katríona who are busily preparing for Confirmation next Friday, 19th May at 4 pm in the Cathedral.  Everyone is welcome to attend.

ÉIDE SCOILE/UNIFORM
Tá mórdheachracht ag JAKO an barr reatha ata in úsáid a aimsiú. Mar sin, beimid ag féachaint ar roghanna eile agus déanfar suirbhé ar thuismitheoirí i rithj na seachtainí romhainn.  GRMA
JAKO are having great difficulty sourcing the track suit top for the current uniform. Therefore, we will be looking at other options and will be surveying parents over the next few weeks. GRMA

DÚNADH SCOILE/SCHOOL CLOSURES

  • Beidh forbairt ghairmiúil scoile (Curaclam Teanga na Bunscoile) ar siúl don bhfoireann ar an AOINE 26ú BEALTAINE 2023. Beidh an scoil DÚNTA ar an lá sin.
  • Beidh an scoil dúnta ar an Aoine 2, an Luan 5 agus an Mháirt 6 Meitheamh don deireadh seachtaine saoire poiblí agus mar atá sa bhféilire scoile reatha.
  • Beidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 ar an AOINE an 30 Meitheamh do laethanta saoire an tSamhraidh.
  • Beidh an scoil ag athoscailt ar an gCÉADAOIN 30ú Lúnasa 2023. 
  • Whole school professional development on The Primary Language Curriculum will take place for our staff on FRIDAY 26th The school will be closed on that day.
  • The school will be closed on Friday  2nd, Monday 5th and Tuesday 6thJune for the public holiday weekend, as per current year calendar.
  • We will close on FRIDAY 30th June at 12.00 for the summer holidays.
  • The opening day for the new school year will be WEDNESDAY August 30th 2023 at 8.40 a.m.