Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR – SAMHAIN #2, 2020

COMHGHAIRDEAS LE…
Comghairdeas mór le EUAN i R4 (Katie) a fuair an chéad duais náisiúnta, “Celebrate Cycling Champion 2020”, sa chomórtas ‘Green-Schools Stay Home’. Rinne Euan rothaíocht ar feadh 150 lá i ndiaidh a chéile. Éacht! 
Congratulations to EUAN in R4 (Katie) who won the national award “Celebrate Cycling Champion 2020” in the ‘Green-Schools Stay Home’ competition. Euan cycled for 150 consecutive days. That is some achievement and worthy of recognition!

Comhghairdeas mór le na páistí i Rang a 5 M. Katríona a thiomsaigh €1,007.05 iad féin i gcomhair Auryn’s Heroes le déanaí, idir rásanna 10km, díolacháin cácaí agus rudaí eile a dhéanamh. Suim dochreidte é seo agus tá ardhmholadh tuillte acu! Congratulations to the 5th Class children (M. Katríona) who recently raised €1,007.05 for the charity Auryn’s Heroes – from 10km races, cake sales and other events.  This is an incredible sum and they deserve great praise for their endeavours!

SEESAW
Tá gach duine ag foghlaim de réir a chéile! Cúpla rud chun cabhrú linn é a bheith chomh héifeachtach agus is féidir:
•    Déan cinnte go bhfuil grianghrafanna a sheoltar soiléir;
•    Laghdaigh an líon grianghrafanna a sheoltar –is leor grianghraf amháin ar an Déardaoin d’obair faoi leith na seachtaine (m.sh. ní gá grianghraf a sheoladh gach lá de leabhair oibre ar nós Fuaimeanna & Focail; is féidir fanacht go mbeidh sé ar fad déanta roimh é a sheoladh.)
•    B’fhearr nach núsáidfí Seesaw do chumarsáid foirmeálta leis an múinteoir ranga faoi do pháiste. Is féidir seo a dhéanamh tríd Aladdin, ríomhphost nó glaoch a dhéanamh ar an scoil.

We are all learning together! A few things to help us make it as effective as possible:
•    Make sure photos are as clear as possible;
•    You can reduce the number of photos sent – e.g. one photo on a Thursday is sufficient for most work (for example, it is not necessary to send a photo every day from workbooks such as Fuaimeanna & Focail; it is better to wait until all is complete before sending.)
•    Seesaw should not be used for formal communication with your class teacher about your child. This can be done through Aladdin (noticeboard), email (scoil@cnocnare.net)  or by calling the school (071-9174019)
Míle Buíochas!

Cruinnithe Tuistí-Múinteoirí/Parent-Teacher Meetings
Ní bheidh na sean-socraithe i bhfeidhm i mbliana de bharr COVID-19. Tuilleadh sonraí faoin gcur chuige le bheith seolta chugaibh i lár na seachtaine seo.

The usual arrangements will not apply this year due to COVID-19. More details on the approach we will follow is to be sent to you in the middle of this week.

Leabhair na Nollag/Christmas Annuals
Má tá suim ag éinne iad a cheannach cuir isteach an t-airgead (€4) roimh an Aoine 27ú Samhain; cuir “ANNUAL” ar an gclúdach le do thoil.  Ní féidir aon orduithe a ghlacadh tar éis an dáta seo! Dáilfear na leabhair ón Luan 14 Nollaig ar aghaidh.

If you are interested in purchasing the Christmas Annual this year, please send money (€4) into the school before Friday 27th November, to facilitate orders, and put “ANNUAL” on the envelope please.  NB: No orders will be taken after this date!  Annuals will be distributed from Monday 14th December. 

AN NOLLAIG/CHRISTMAS
Ar an drochuair, ní féidir leis an gceolchoirm bhliantúil agus teacht le chéile tuismitheoirí dul ar aghaidh i mbliana. Tá sé beartaithe againn, áfach, físeán scoile a chruthú ina mbeidh na ranganna go léir páirteach.
Tá súil againn tiomsaitheoir airgid um Nollaig a reáchtáil i mbliana freisin, tuilleadh sonraí faoi lár na seachtaine.
Mar a sheasann cúrsaí, beidh an scoil ag dúnadh ar an Mháirt 22ú Nollaig ag 12:00 do laethanta saoire na Nollag agus osclóidh sí arís ar an gCéadaoin 6ú Eanáir 2021 ag 8:50r.n.

Unfortunately, the annual concert and parental get together cannot go ahead this year. However, we do intend to create a school video with all classes contributing.
We hope to run a Christmas fundraiser this year also, more details midweek.
As of now, school will close on Tuesday 22nd December at 12 noon for the Christmas Holidays and will re-open on Wednesday 6th January 2021 at 8.50am.