Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR – FEABHRA 21, 2021

Fáilte ar ais! Tá súil agam go bhfuil gach duine ag coinneáil slán sábháilte agus go raibh sos agaibh go léir ón obair scoile don tseachtain agus go bhfuil sibh lán le fuinneamh arís do na seachtainí amach romhainn. Tá go leor ráite sna meáin le cúpla lá anuas faoi dhátaí le filleadh ar scoil ach táimid ag súil le roinnt soiléireachta sa tseachtain amach romhainn agus cuirfimid pleananna i bhfeidhm nuair a bheidh níos mó ar eolas againn. Idir an dá linn, leanfaimid ar aghaidh le foghlaim sa bhaile ag úsáid meascán de SeeSaw agus Zoom mar a rinneadh cheana. Tabhair faoi deara na pointí tábhachtacha thíos maidir leis an dá ardán. Míle Buíochas!
Welcome back! I hope everyone is keeping safe and well and that you all had a refreshing break from schoolwork for the week and are full of renewed energy for the weeks ahead. There has been much speculation in recent days about dates for a gradual return to school, we expect some clarity in the coming week and will put plans into place when more is known. In the meantime, we will continue with home learning using a mixture of SeeSaw and Zoom as before. Please note the following important points in relation to the two platforms. Míle Buíochas!

SEESAW
Tá na múinteoirí ag úsáid gearrthóga físe agus/nó fuaime chun cuid den obair atá le déanamh a theagasc agus/nó a mhíniú. Is é an buntáiste a bhaineann leo thar an teagasc beo ar líne ná gur féidir iad a chur ar sos le linn ceachtanna, agus ar ndóigh iad a athsheinm más gá. Cinntigh le do thoil go bhféachtar orthu seo sula ndéanann tú iarracht ar an obair.
The teachers are using video and/or audio clips to teach and/or explain some of the work to be done. The advantage of these over live online teaching is that they can be paused during lessons, and of course replayed if needed. Please ensure that these are viewed before attempting the work.

ZOOM
Cúpla riail shimplí chun an tairbhe is mó a bhaint as:
(1) Bí réidh, déan cinnte go bhfuil gach a theastaíonn uait agat!
(2) Úsáid d’ainm féin nó d’ainm teaghlaigh ar do scáileán.
(3) Caithfear físeán a fhágáil i gcónaí le linn an cheachta.
(4) Gan aon chúlraí ná scagairí a úsáid.
(5) Gan ithe.
(6) Úsáid an ghné ardú láimhe chun aird a fháil.

A few simple rules to gain maximum benefit for all:
(1)    Be ready, make sure you have all you need!
(2)    Use your own name or family name on your screen.
(3)    Video must be left on at all times during the lesson/meeting.
(4)    No use of backgrounds or filters.
(5)    No eating.
(6)    Use the raise hand feature to gain attention.
TIONÓL
Bainfimid trial as Tionól na ranganna amárach, Dé Luain 22ú, dona páistí ar fad ag na hamanna seo:
We will try a large Zoom call for all children tomorrow, Monday, at the following times:
9.30 Naíonáin Shóisir, Shinsir, Rang 1 agus Rang 2
9.45 Ranganna 3, 4, 5 agus 6

ZOOM: TIONÓL; Feb 22, 2021 09:30 agus 09:45 
SEE EMAIL FOR LINK. GRMA