Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR, 27 AIBREÁIN 2023

NB-DÚNADH SCOILE/SCHOOL CLOSURES

  • Dúnfaidh an scoil ar an Luan 1 Bealtaine (Saoire Poiblí).
  • Beidh forbairt ghairmiúil scoile (Curaclam Teanga na Bunscoile) ar siúl don bhfoireann ar an AOINE 26ú BEALTAINE 2023. Beidh an scoil DÚNTA ar an lá sin.
  • Beidh an scoil dúnta ar an Aoine 2, an Luan 5 agus an Mháirt 6 Meitheamh don deireadh seachtaine saoire poiblí agus mar atá sa bhféilire scoile reatha.
  • Beidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 ar an AOINE an 30 Meitheamh do laethanta saoire an tSamhraidh.
  • Beidh an scoil ag athoscailt ar an gCÉADAOIN 30ú Lúnasa 2023. Tá féilire na bliana seo chugainn anseo. 
  • The school will be closed on Monday 1st May (Public holiday)
  • Whole school professional development on The Primary Language Curriculum will take place for our staff on FRIDAY 26th The school will be closed on that day.
  • The school will be closed on Friday 3rd, Monday 5th and Tuesday 6thJune for the public holiday weekend, as per current year calendar.
  • We will close on FRIDAY 30th June at 12.00 for the summer holidays.
  • The opening day for the new school year will be WEDNESDAY August 30th 2023 at 8.40 a.m. Click here to find next year’s calendar.

CRUINNIÚ – CAIRDE MEETING
Beidh an chéad chruinniú eile ar siúl sa scoil ar an Mháirt seo chugainn, Bealtaine 2 @ 8i.n. Fáilte roimh cách. Cnag anseo – eolas breise.
The next Cairde meeting will take place on Tuesday next, 2nd May at 8.00 in the school. All parents welcome. Click here for more info on Cairde 

TRIALACHA CAIGHDEÁNAITHE/STANDARDISED TESTING
Beidh na páistí (ó Rang 1 ar aghaidh) ag déanamh na dtástálacha caighdeánaithe sna seachtainí amach romhainn sa Ghaeilge, i mBéarla, i Mata agus i Litriú. Níl i dtástálacha caighdeánaithe ach ceann amháin den iliomad uirlisí a úsáideann múinteoirí chun an próiseas teagaisc agus foghlama a threorú. Féadfaidh torthaí na dtástálacha a bheith éagsúil ó bhliain go bliain do dhaltaí aonair. Is féidir leis na torthaí cabhrú le múinteoirí réimsí den churaclam agus foghlaim teanga a aithint ina dteastaíonn tacaíocht bhreise ó gach dalta agus tacaíocht níos saincheaptha a sholáthar do dhaltaí aonair. Is léiriú roghbhlúire atá i gceist le tástáil chaighdeánaithe amháin agus níor cheart torthaí a úsáid ina n-aonar. Féach a thuilleadh eolais thíos.
The children (from Rang 1 up) will be taking the standardised tests in the coming weeks in Gaeilge, English, Maths and Spellings. Standardised tests are just one of many tools teachers use to inform the teaching and learning process. Test results may vary from year to year for individual pupils. The results can help teachers to identify areas of the curriculum and language learning where all pupils need additional support and to provide more bespoke support for individual pupils. Results of any one standardised test provide a snapshot in time and should not be used in isolation. See below for more details and important information to take into account.

Cumasaíonn an measúnú teagasc agus foghlaim éifeachtach. Áirítear leis seo luacháil rialta a dhéanamh ar obair daltaí agus torthaí a chur in iúl go tréimhsiúil do dhaltaí agus do thuismitheoirí. Cuideoidh gach cineál measúnaithe, lena náirítear tástáil chaighdeánaithe, le múinteoirí a chinntiú go ndéantar cláir foghlama sa litearthacht agus san uimhearthacht a chur in oiriúint chun freastal ar riachtanais daltaí aonair agus ar riachtanais ghrúpaí ranga. Moltar do scoileanna modhanna measúnaithe éagsúla a úsáid d’fhonn léiriú a thiomsú le himeacht ama ar dhul chun cinn foghlama dalta ar fud an churaclaim. Is modh tábhachtach é tástáil chaighdeánaithe a úsáidtear chun uirlisí measúnaithe eile a úsáideann múinteoirí a chomhlánú, agus níor ghá go mbeadh sin níos tábhachtaí ná modhanna eile measúnaithe.
Tá faisnéis ó thástáil chaighdeánaithe tábhachtach i bhfianaise ról ríthábhachtach na litearthachta (Béarla/Gaeilge) agus uimhearthacht maidir le cur ar chumas leanaí rochtain a fháil ar an gcuraclam iomlán. Tacaíonn tástálacha caighdeánaithe le tagarmharcáil a dhéanamh ar fheidhmíocht dalta aonair i gcoinne noirm náisiúnta agus beidh na sonraí ó 2022 tábhachtach mar go dtacóidh siad le cinnteoireacht faoi theagasc agus foghlaim don scoilbhliain atá le teacht ar leibhéal an ranga agus na scoile uile. Arís, is léiriú roghbhlúire atá i gceist le tástáil chaighdeánaithe amháin agus níor cheart torthaí a úsáid ina n-aonar. Cuirfidh múinteoirí na torthaí in iúl ar an ngnáthbhealach (Tuairisc Scoile) ach féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh go díreach le tuismitheoirí i gcás torthaí gan choinne nó i bhfad níos ísle.
Assessment is an enabler of effective teaching and learning. This includes regularly evaluating pupils’ work and periodically reporting results to pupils and parents. All forms of assessment, including standardised tests, help teachers to ensure that programmes of learning in literacy and numeracy are tailored to meet the needs of individual pupils/class groups. Schools are advised to use a variety of assessment methods to build a picture over time of a pupil’s learning progress across the curriculum. Standardised testing in literacy (English/Gaeilge) and numeracy is an important method used to complement other assessment tools used by teachers, although not necessarily more important than other assessment types.
Information from standardised testing is important given the vital role of literacy (English/Gaeilge) and numeracy in enabling children to access the full curriculum. Standardised tests support the benchmarking of individual pupil’s performance against national norms and data from 2022 will be helpful for decision making about teaching and learning for the coming school year at class and whole-school level. Again, results of any one standardised test provide a snapshot in time and should not be used in isolation. Teachers will communicate the results in the usual way (School report) but may contact parents directly in the case of unexpected or significantly lower results.