Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR, LÚNASA 31, 2021

Fáilte ar ais gach duine! Fáilte speisialta don 28 Náionáin nua a thosaigh linn inniu agus ár bpáistí nua Séamus, Helena agus Luke – guímid gach rath orthu linn anseo thar na blianta atá romhainn. Fáilte ar ais le Múinteoir Katie agus lenár múinteoir nua Múinteoir Máire. Táimid ag tnúth le bheith ag obair libh i rith na bliana.
Ba mhaith liom buíochas mór a chur in iúl do na tuistí a chuidigh linn ar an Mháirt seo caite.
Míle buíochas as ucht bhur gcomhoibriú le na socraithe atá curtha i bhfeidhm. Iarraimid áfach NACH mbíonn páistí fágtha ar scoil roimh 8.40 a.m. mar go gcruthaíonn seo fadhbanna scaradh sóisialta agus árachais don scoil.
Tá sé go hiontach na páistí a fheiceáil arís agus tá súil agam go bhfuil na páistí ag rá an rud céanna fúinne! Fanaimis Slán!
Welcome back everyone! A special welcome to the 28 new Infants who started today, and our new pupils Séamus, Helena and Luke – we wish them all the best over the coming years. Welcome back Múinteoir Katie and our new teacher, Múinteoir Máire. We look forward to working with you throughout the year.
Thank you all for your co – operation with the arrangements put in place to try and keep everyone safe. However, we ask that children NOT be left in school before 8.40 a.m. as this creates problems of social distancing and insurance for the school.
It’s great for us to see the children again and I hope the children are saying the same about us! Stay Safe!

PLEAN/RESPONSE PLAN – TYPO
Thugamar faoi deara go raibh socraithe na bliana seo caite don Obair Bhaile fágtha sa phlean nua! Tosóidh obair bhaile foirmiúil sna seachtainí romhainn, mar is de ghnáth agus cuirfear an cur chuige in iúl daoibh.
We notice that last year’s arrangements for homework were left in the new plan! That is a mistake and formal homework will begin in the coming weeks, as usual. You will be informed of the approaches to be used beforehand. Míle Buíochas!

ÍOCAÍOCHTAÍ ARLÍNE/ONLINE PAYMENTS
Má oireann daoibh, bheimis buíoch táillí a bheith seolta chugainn ag úsáid na sonraí thíos ag baint úsáid as do chóras baince féin. Déan cinnte go bhfuil ainm an phaiste/clainne sa tagairt íocaíochta.
Parents can use their own online banking service to make payments using the following details (NB ensure your child/family name is in the text narrative)
ULSTER BANK
IBAN:             IE67ULSB98626052804007
BIC:                ULSBIE2D

GAEILGE
Beidh na múinteoirí ag cur béim faoi leith ar labhairt na Gaeilge i gcónaí agus tá súil againn go spreagfaidh tuismitheoirí na páistí agus an Ghaeilge atá acu féin a úsáid leo ó am go ham.  Féach freisin http://irishforparents.ie/
We are putting special emphasis on spoken Irish in the school and we hope that parents will encourage their children and use whatever Irish they have themselves with them from time to time. See also http://irishforparents.ie/