Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

Post mar CRS/SNA

Tá folúntas do CRS (SNA) páirt-aimseartha sa scoil (part-time SNA required by school). Féach/see: https://www.educationposts.ie/post/view/208104 
——————————————————————————————————-
Is ionann 0.33 (10 n-uaire 40 nóiméad) de phost CRS an post seo, le gá cúig lá na seachtaine scoile a oibriú.

Ba cheart go mbeadh na cáilíochtaí íosta mar atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais ag iarrthóirí. Táthar ag súil go gcomhlíonfaidh an t-iarrthóir rathúil dualgais de réir imlitir 0030/2014. NB Beidh ardchaighdeán Gaeilge ag teastáil ó iarratasóirí don phost seo.

Tá an méid seo a leanas inmhianaithe:

  • Oiliúint agus deimhniú um Chosaint Leanaí.
  • Taithí ar oibriú le leanaí ag a bhfuil ASD agus/nó riachtanais éagsúla acu.
  • Taithí ar iompar dúshlánach a bhainistiú, ar riachtanais chumarsáide neamhbhriathartha agus ar rannpháirtíocht agus comhtháthú i ranganna príomhshrutha a chur chun cinn.
  • Toilteanas dul i mbun CPD ábhartha
  • Eitic oibre láidir agus solúbthacht.
  • A bheith cineálta, foighneach agus ionbhách.

Tabharfar fógra seacht lá ar a laghad d’iarratasóirí a chuirfear ar an ngearrliosta chun freastal ar agallamh agus ba chóir dóibh freagra a thabhairt ar ríomhphost chun glacadh leis an agallamh nó diúltú dó. Tabhair faoi deara le do thoil nach ndéanfar teagmháil ach le hiarrthóirí ar an ngearrliosta. Tá an ceapachán faoi réir, ach gan a bheith teoranta do, teistiméireachtaí sásúla, Grinnfhiosrúchán Garda cothrom le dáta agus Scagadh Sláinte Ceirde.

Ba cheart iarratais a sheoladh, trí ríomhphost amháin, chuig Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta faoi 5.00pm Déardaoin 22 Feabhra 2024 ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: post2024@cnocnare.net NB Beidh ardchaighdeán Gaeilge ag teastáil ó iarratasóirí don phost seo.

This post is for 0.33 (10 hours 40 minutes) of an SNA position. The role will involve working the five days of the school week.

Candidates should have the minimum qualifications as set out by the Department of Education. The successful candidate is expected to carry out duties as per circular 0030/2014. NB A high standard of Gaeilge is required for this position.

The following is desirable:

  • Child Protection training and certification.
  • Experience of working with children with ASD and a variety of needs.
  • Experience in managing challenging behaviour, non-verbal communication needs and promoting participation and integration in mainstream classes.
  • A willingness to engage in relevant CPD
  • A strong work ethic and flexibility.
  • Be kind, patient and empathetic.

Applicants who are shortlisted, will be given a minimum of seven days’ notice, to attend for interview and should reply by email to accept or decline the interview. Please note that only short-listed candidates will be contacted. Appointment is subject to, but not limited to, satisfactory references, up to date Garda Vetting and Occupational Health Screening.

Applications should be sent, via email only, to the Chairperson of the Board of Management by 5.00pm on Thursday 22nd February 2024 at the following email address: post2024@cnocnare.net  NB A high standard of Gaeilge is required for this position. Féach/see: https://www.educationposts.ie/post/view/208104