Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

RANG 6- NÓTA

Rang 6, a chairde agus tuismitheoirí,

Mar a dúirt mé san fhíseán inné, táimid ag plé smaointe ar conas ócáid fágála Rang 6 a cheiliúradh i bhfianaise na staide reatha. Tuigimid gur tréimhse dheacair í seo do gach duine agus tá a fhios againn go bhfuil tionchar faoi leith ag pháistí Rang 6 agus gan amhras go bhfuil siad buartha faoi. Is cosúil, ón bhfógra aréir nach n-athosclóidh scoileanna go dtí Meán Fómhair anois, cé go raibh comharthaí roimhe seo go bhféadfadh oscailt theoranta a bheith ann i mí an Mheithimh. Ar aon chuma, agus caithfimid na sonraí beachta a fheiceáil sna seachtainí amach romhainn, tá sé ar intinn againn an rang a thabhairt le chéile i bhfoirm éigin agus a gcríoch sa scoil  a cheiliúradh agus a mharcáil, fiú má chaithfidh sé sin a bheith níos déanaí ná Meitheamh. Tarlóidh sé sin.

Go tapa, táimid ag féachaint ar na rudaí seo a leanas freisin:
(1) Níor tógadh grianghraf grúpa foirmiúil i mbliana, táimid ag féachaint ar conas a d’fhéadfaí ceann a chruthú ag úsáid íomhánna aonair ‘cniotáilte’ le chéile
(2) Cochaill chéime le síniú/pictiúirí ar chúl
(3) DVD a chruthú de ghrianghraif ó na hocht mbliana, ag úsáid grianghraif atá ag an scoil agus cinn uaibh féin
(4) Bliainiris ranga le grianghraf agus nithe scríofa ó na páistí
(5) Bliainiris scoile (cosúil leis na seanleabhair Súil Siar a bhíodh ann cúpla bliain ó shin) don scoil ar fad le rannóg faoi leith ó Rang 6
(6) Maidir leis an gCóineartú, tuigimid go bhfuil an ócáid ar  athló seachas ar ceal , agus reáchtálfar é a luaithe agus is féidir. D’iarramar go dtabharfar aitheantas don rang ag an Aifreann ón Ardeaglais ar an 22ú (atá sruthaithe beo).

D’fhéadfadh níos mó smaointe teacht chun tosaigh, agus beimid i dteagmháil go luath. Tá fáilte roimh thuairimí agus mholtaí.

Bígí sábháilte le do thoil agus bígí cúramach.

Múinteoir Mícheál / Múinteoir Samantha

As I said in yesterday’s video, we are discussing ideas on how to mark the occasion of 6th class leaving the school in light of the current situation. We understand that this is a difficult time for everyone and know the children in Rang 6 are particularly affected and no doubt upset. It appears that from the announcement last night that schools will not now reopen until September, when most indications before now were that there might be a limited opening in June. In any case, and we need to see the precise details as they unfold in the coming weeks, it is our intention to bring the class together in some form and celebrate and mark their graduation from primary school, even if that has to be later than June. That will happen.

Quickly, we are looking at the following also:

  1. No formal group photo was taken this year, we are looking at how one could be created using single images ‘knitted’ together
  2. Graduation hoodies with the class signatures/caricatures on the back
  3. A DVD compilation of photographs from the eight years, using photographs the school has and submissions from yourselves
  4. A class yearbook with photo and written contributions from the children
  5. A school yearbook (similar to the old Súil Siar books produced a few years back) for the whole school with a section of pen pictures etc. from Rang 6
  6. For Confirmation children, we understand that the event is postponed rather than cancelled, and will be held as soon as is practicable. We have asked that the Mass from the Cathedral on the 22nd (which is live streamed) could acknowledge the fact that this was the day due to host the Confirmation ceremony.

More ideas could come to the fore, and we will be in touch soon. Comments and suggestions are welcome.

Please stay safe and take care.

Múinteoir Mícheál/Múinteoir Samantha