Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

Nuachtlitir CAIRDE – 3 Meán Fómhair 2019

CAIRDE: Cumann na dTuismitheoirí/ CAIRDE: Parents’ Association
Dia daoibh agus fáilte romhaibh ar ais ag tús na scoilbhliana nua! Fáilte ar leith roimh thuistí na naíonán nua.
 Ba mhaith linn roinnt eolais a thabhairt daoibh faoi CAIRDE, Cumann na dTuismitheoirí na Gaelscoile. Tá gach tuismitheoir/caomhnóir sa scoil ina b(h)all de CAIRDE. Toghtar príomhchoiste agus ionadaithe ranga ag tús na scoilbhliana a chomhoibríonn le Mícheál agus an Bord Bainistíochta ó thaobh thiomsú airgid agus araile. Bíonn cruinniú neamhfhoirmiúil ag Cairde uair amháin in aghaidh na míosa a mhaireann uair ar a mhéad. Ná ceap gurb é aidhm na gcruinnithe jabanna a dháileadh ar dhaoine! Cuirfear fáilte roimh gach tuismitheoir agus iarraimid oraibh teacht ó am go chéile chun braon tae a ól, bualadh le tuismitheoirí eile agus léargas a fháil ar chúrsaí a bhaineann le heispéireas scoile do pháiste féin.
 Ní mór don Ghaelscoil dul i ngleic le fadhbanna ar leith nach mbíonn ag scoileanna eile. Ceann amháin de na fadhbanna sin ná nach ionann cás na Gaelscoile agus cás bunscoileanna eile atá lonnaithe i bpobail taobh amuigh do chathair Shligigh. Go hiondúil, bíonn daltaí na mbunscoileanna sin ina gcónaí sa scoilcheantar agus dá bhrí sin, bíonn sé níos éasca ar na scoileanna tacaíocht a fháil ó thuismitheoirí agus ón bpobal. Tá teaghlaigh na Gaelscoile ina gcónaí i gcéin is i gcóngar and dá bhrí sin, cé go bhfuil dlúthbhaint againn leis an bpobal ina bhfuilimid, bíonn sé fós deacair orainn tuistí a bhailiú le chéile i gcomhair imeachtaí sóisialta nó chun airgead a bhailiú ar son na scoile srl.
 Tá ardchaighdeán ag baint le h-eispéireas do pháiste ar scoil toisc dianiarrachtaí fhoireann na scoile, an Bhoird agus an choiste Cairde. Murach iarrachtaí na dtuismitheoirí go háirithe, ní bheimis in ann cláir bhána a chur ar fáil, tarmac a chur ar an gclós, áiseanna oideachasúla a chur ar fáil do na páistí, agus neart rudaí eile. Mar sin, iarraimid oraibhse roinnt bheag ama agus tiomantais a thabhairt ar ais don scoil chun gur féidir linn leanúint orainn ag feabhsú eispéireas laethúil do pháiste. Cuimhnigh go mbainfidh gach páiste sa scoil tairbhe as iarracht ar bith uaitse, beag nó mór. 

Cruinniú Cairde – Beidh cruinniú Cairde ar siúl ar an Mháirt 10ú Meán Fómhair ag 8 p.m. ag an scoil. Beimid ag féachaint siar ar an mbliain seo caite agus ag ullmhú don bhliain nua.

AGM Cairde – Beidh Cruinniú Cinn Bhliana Cairde 2016 ar siúl sa scoil ar an Mháirt 8ú Deireadh Fómhair ag 8 p.m. Toghfar coiste nua agus ionadaithe ranga don scoilbhliain nua agus beifear ag leagan amach sceideal imeachtaí sóisialta agus imeachtaí tiomsaithe airgid.

Hi all and welcome back to a new school year! A special welcome to all the parents of new junior infants at the school.
We’d like to take this opportunity to give you some information on CAIRDE, the Gaelscoil’s parent association. Every parent/guardian is automatically a member of CAIRDE. At the start of every school year, a core committee and class reps are elected who work with Mícheál and the Board of Management to organise fundraising and social events etc. CAIRDE holds an informal meeting about once a month, which lasts an hour at most. You will not be handed a job at the meeting so please don’t let that put you off coming! Everyone is welcome and we would ask you to come at least once to have a cuppa, chat with other parents and get some insight into the issues that directly affect your child.
The Gaelscoil faces obstacles that other schools do not. One of those obstacles is that while most other primary schools are located in communities outside Sligo town and have a catchment area of students, Gaelscoil students travel to the school from far and wide, which makes it harder for the school to get the support of parents and the community. Even though Gaelscoil has built up close links with the local community, it is not as easy for us to get parents together for social and fundraising events. 
The joint efforts of the school team, the Board of Management and CAIRDE ensure that your child enjoys a high-quality educational experience. If it wasn’t for the voluntary efforts of parents in particular, it would be difficult to provide facilities such as white boards, school yard maintenance, library books and other necessary resources. So we’re asking you to now to give a little time and commitment back to the school to enable us to continue providing a high standard of education for your child. Even one hour of your spare time is invaluable to us. Remember that every child in the school will benefit from any effort you make on the school’s behalf, big or small. Bearing that in mind, we hope to see you at some of our activities and meetings throughout the year.

Cairde meeting – There will be a Cairde meeting at the school on Tuesday 10th September at 8 p.m. We will be wrapping up last year’s events and planning for the new year. 

Cairde AGM – This year’s Cairde AGM will be held at the school on Tuesday 8th October at 8 p.m. A new committee and class reps will be elected for this school year and we will be discussing the schedule of social and fundraising events for the year. More later.

——————————————————————————————————————-

CAIRDE – GAELSCOIL CHNOC NA RÉ – FRED FINN CCÉ : ACTIVITIES THROUGH IRISH FOR THE UPCOMING YEAR/ IMEACHTAI TRÍ GHAEILGE DON BHLIAIN NUA

1. CRUINNIÚ- CHUN AN GHAEILGE A CHUR CHUN CINN LE PÁISTÍ AGUS DÉAGÓIRÍ I SLIGEACH / MEETING TO PROMOTE IRISH AS A FUN LANGUAGE FOR CHILDREN AND TEENAGERS IN SLIGO
ANOCHT! Dé Máirt 3u Meán Fómhair 2019, Gaelscoil Chnoc na Ré, Baile Uí Dhúgáin, Sligeach ag 8.00. Táimid ag iarraidh coiste a chur le chéile chun imeachtaí a rith chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus déagóirí i Sligeach. Tá cabhair ag teastáil uainn! Bheadh sé iontach dá mbeadh sé ar do chumas teacht. Má tá tuilleadh eolais uait cur rphost go carolni@me.com nó glaoigh ar Carol ar 086 3820258.
TONIGHT! Tuesday the 3rd  September 2019, Gaelscoil Chnoc na Ré, Ballydoogan, Sligeach at 8.00 pm. We are seeking to put a committee together to run events to promote Irish among teenagers and young people in Sligo. We need your help! It would be great if you could come. If you want more information contact Carol on carolni@me.com or 086 3820258

2. RANGANNA DRAMAÍOCHTA- 21u MEÁN FÓMHAIR 2019- GAELSCOIL CHNOC NE RÉ/ FREE FUN DRAMA CLASSES THROUGH IRISH – STARTING ON 21ST SEPTEMBER 2019 AT GAELSCOIL CHNOC NA RE FROM 1.30-2.30
Dráma trí Gaeilge- An bhfuil suim ag do pháiste Drámaíocht a dhéanamh trí Gaeilge? Ní gá Gaeilge líofa a bheith ag do pháiste. Níl i gceist ach píosa spraoi agus craic. Beidh na ranganna drámaíochta ar siúl gach Satharn o 1.30 – 2.30 i nGaelscoil Chnoc na Ré ag tosnú De Sathairn 21 Mean Fomhair . Má tá suim ag do pháiste a bheith páirteach ann cuir rphost chuig ¬¬¬¬¬¬carolni@me.com nó glaoigh ar 086 3820258. Má tá suim ag do pháiste a bheith pairteach in Oireachtas na Gaeilge- féach  http://www.antoireachtas.ie/ labhair le Carol roimh 9u Mean Fomhair 2019.. Beidh na ranganna seo saor in aisce.
Drama through Irish- Does your child have an interest in doing Drama through Irish? They don’t need fluent Irish- This is just a fun activity to promote Irish -The Drama Classes will take place every Saturday from 1.30 to 2.30 pm in Gaelscoil Chnoc na Ré, Maugheraboy starting on Saturday the 21st September 2019. If you child is interested in getting involved send an email to carolni@me.com or call Carol on 086 3820258. If your child is interested in doing an Irish poem or duologue for the Oireachtas na Gaeilge competition which takes place in City West in Dublin from the 30th October – 3rd November 2019 – see  http://www.antoireachtas.ie/-please let Carol know before Monday the 9th of September as entries must be submitted shortly after that. These classes are free.

3. CIORCAL GAEILGE/ RANGANNA GAEILGE AG TOSNU 5u DEIREADH FOMHAIR- GAELSCOIL CHNOC NA RE O 11.00- 12.00 / IRISH LANGUAGE CLASSES COMMENCING ON THE 5TH OCTOBER 2019 AT GAELSCOIL CHNOC NA RÉ FROM 11.00- 12.00
Ciorcal Gaeilge- Ranganna agus an Ciorcal Gaeilge ag tosnu De Sathairn 5 Deireadh Fomhair o 11.00-12.00. Ta siad saor in aisce ach na huimreacha a bheith ann. Cuir ri-phost go peadarofearghail@gmail.com ma ta suim agat a bheith ann.
Ciorcal Gaeilge- Irish language class agus an Ciorcal Gaeilge will recommence on Saturday 5th October from 11.00-12.00. No fees involved but we do need your support if we are to continue. Please drop an email to peadarofearghail@gmail.com to register for either class.