Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

Nuachtlitir CAIRDE – 18 Meán Fómhair 2019

Imeachtaí atá ag Teacht/ Upcoming Events

Tráth na gCeist Boird/ Table Quiz
Oíche shóisialta spraíúil do thuismitheoirí. Fáiltímid go háirithe roimh na tuismitheoirí nua a thosaigh sa scoil chuig an ócáid shóisialta seo. Bí linn le haghaidh tráth na gceist boird dhátheangach i gClub CLG Mhuire ag 9pm Dé Sathairn an 28 Meán Fómhair 2019. Táblaí de 4 nó níos mó € 10.00 in aghaidh an tábla agus beidh spotdhuaiseanna ar an oíche.
A fun social night for parents. We particularly welcome the new parents who started in the school to this social event.  Come along to join us for a bilingual table quiz in St. Mary’s GAA Club at 9pm on Saturday the 28th September 2019.  Tables of 4 or more €10.00 per table and there will be Spot Prizes on the night.

CCB/ Cairde AGM
Is é Cairde Cumann na dTuismitheoirí sa Ghaelscoil agus tá gach tuismitheoir ina bhall de Chairde go huathoibríoch. Tá sé mar aidhm ag Cairde imeachtaí sóisialta a eagrú do thuismitheoirí agus do leanaí laistigh den scoil le linn na scoilbhliana agus mar chuid de sin beagán airgid a thiomsú gach bliain do threalamh nua do na páistí. Tionólfar Cruinniú Cinn Bhliana an Chairde ar an 8 Deireadh Fómhair 2019 ag an nGaelscoil i Sligeach ag 8pm. Tá fáilte roimh chách.
Cairde is the Parents Association in the Gaelscoil and all parents are automatically a member of Cairde. Cairde aims to organise social events for both parents and children within the school during the School year and as part of it do a little bit of fund raising for new equipment for the children every year.  The AGM of Cairde takes place on the 8th October 2019 at the Gaelscoil in Sligo at 8pm. Everyone is welcome.

Siúlóid / Cairde Walk
Reáchtálfar siúlóid shóisialta ar an Domhnach an 13 Deireadh Fómhair 2019 do thuismitheoirí agus do leanaí. Tá fáilte roimh thuismitheoirí agus leanaí de gach aois sa scoil a bheith i láthair. Tá súil againn dul go dtí tuamaí na Ceathrún Móire i Sligeach agus siúlóid agus turas a dhéanamh ar na tuamaí agus ina dhiaidh sin cupán tae agus comhrá a bheith againn sa scoil. Tá sé beartaithe go mbeidh an tsiúlóid seo ar siúl ó 3pm – 5pm. Tuilleadh eolais ar ball
A Cairde social walk will take place on Sunday the 13th October 2019 for parents and children.  Parents and children of all ages in the school are welcome to attend.  We hope to go to Carrowmore tombs in Sligo and do a walk and a tour of the tombs and afterwards have a cup of tea and a chat back in the GaesScoil.  It is planned that this walk will take place from 3pm – 5pm and more details will follow later.