Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

Nuachtlitir Cairde : 8 Deireadh Fómhair 2019

Cruinniú Cinn Bhliana Cairde/ Cairde AGM
Beidh Cruinniú Cinn Bhliana Cairde ar siúl sa scoil ANOCHT Dé Máirt 8ú Deireadh Fómhair ó 8 go 9 i.n. Ba mhaith linn go leor tuismitheoirí a fheiceáil ag an gcruinniú, agus tá fáilte ar leith roimh thuismitheoirí nua. Beidh MARY HOUGH, iar-Stiúrthóir ar Iond Oideachais Shligigh, mar aoi-chainteoir ag tabhair faoi conas Meabhairshláinte dhearfach a chothú i leanaí. Beidh an AGM, a leanfaidh an chaint, gearr. Tabharfar achoimre ar na gníomhaíochtaí a chuireamar ar siúl an bhliain seo caite agus an t-airgead a tiomsaíodh, agus pléifear pleanáil don bhliain seo chugainn. Déan iarracht a bheith ann más féidir.
The Cairde AGM will take place at the school TONIGHT at 8 pm. We would like to see as many parents as possible at the meeting, and we particularly welcome parents who are new to the school. MARY HOUGH, former Director of Sligo Education, will be guest speaker on the theme “Promoting positive Mental Health in your Children” to promote positive mental health in children. The AGM will follow and be short. It will mainly focus on an overview of last year’s activities and fundraising efforts, along with planning for the year ahead. Please do your best to attend.

Siúlóid / Cairde Walk – CARROWMORE 13/10
Reáchtálfar siúlóid shóisialta dátheangach ar an Domhnach seo, an 13 Deireadh Fómhair 2019, do thuismitheoirí agus do leanaí. Tá fáilte roimh thuismitheoirí agus leanaí de gach aois sa scoil a bheith i láthair. Beimid dul go dtí tuamaí na Ceathrún Móire i Sligeach chun siúlóid agus turas a dhéanamh ar na tuamaí agus ina dhiaidh sin cupán tae agus comhrá a bheith againn sa scoil. Tá sé beartaithe go mbeidh an imeacht seo ar siúl ó 3pm – 5pm.
A Cairde social walk will take place on Sunday the 13th October 2019 for parents and children. Parents and children of all ages in the school are welcome to attend. We will go to Carrowmore tombs in Sligo for a walk and a tour of the tombs and afterwards have a cup of tea and a chat back in the school. This event will take place from 3pm – 5pm.

Dioscó na Samhna/ Hallowe’en Disco
Tá súil againn Dioscó na Samhna a chur ar siúl mar is gnáth i gClub Naomh Mhuire ar an Aoine 25ú Deireadh Fómhair. Bheadh sé ar intinn againn i mbliana trí dhioscó a reáchtáil, mar seo a leanas:
Dioscó 1: 12:30 – 13:20 Naíonáin Shóisir agus Naíonáin Shinsir
Dioscó 2: 13:30 – 14:20 Ranganna 1, 2 agus 3
Dioscó 3: 14:30 – 15:20 Ranganna 4, 5 agus 6
NB!! tá thart ar 30 tuistí (ó rang ar bith) ag teastáil go géar uainn chun cabhrú ar an lá le maoirseacht. Muna mbíonn an cabhair seo ar fáil ní bheimid in ann dul ar aghaidh leis an imeacht. Cuir am(anna) a oireann duit chuig cairde@cnocnare.net nó 0860380060. Míle Buíochas!
We hope to run our usual Hallowe’en Disco again this year on Friday 25th October. We again would hope to run three discos back to back, as follows:
Disco 1: 12:30 – 13:20 Naíonáin Shóisir agus Naíonáin Shinsir
Disco 2: 13:30 – 14:20 Ranganna 1, 2 agus 3 
Disco 3: 14:30 – 15:20 Ranganna 4, 5 agus 6
NB !! We need about 30 parents (from any class) to help on the day with supervision. If this help is not available we will not be able to proceed with the event. Send us times that suit to cairde@cnocnare.net or 0860380060. GRMA!