Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR DEIRE FÓMHAIR 2, 2018

(Féach arís an fógra tábhachtach faoin gcarrchlós thíos le do thoil/Please read important reminder re. safety in the carpark below)

Tras Tíre/PrimaRy Schools Cross Country
Comhghairdeas dona páistí go léir a ghlac pháirt sna rásanna thuas ag an deireadh seachtaine. D’éirigh go hiontach leo. I rás Sóisir na mBuachaillí tháinig Tom sa chéad áit agus Allan sa tríu áit agus bhuaigh an foireann (Conor, Tom, Rónán, Charlie Ó, Charlie Mac & Allan) an bonn óir!  Bhain foireann na gcailíní, Sinsir (Alanna, Ceoilín, Keelyn, Molly, Aoife Ní G & Aoife Ní C) an triú áit amach sa chomórtas foirne agus bhain Conor R5 an 12ú áit ina rás. Rachaidh siad ar fad ar aghaidh go craobh Chonnachta a bheidh ar siúl ar an Satharn 13ú D.F. i mBaile Locha Riaich, Co. na Gaillimhe. Maith sibh!  Buíochas speisialta le gach tuiste a thug cabhair ar an lá!
Congratulations to all the children who took part in the Cross Country Athletics at the weekend.  In the Boys’ Junior race, Tom won gold and Allan bronze while the team (Conor, Tom, Rónán, Charlie Ó, Charlie Mac & Allan) also won gold! The Senior Girls team (Alanna, Ceoilín, Keelyn, Molly, Aoife Ní G & Aoife C) won bronze in the team competition and Conor R5 qualified in 12th place in his race. All of those children have qualified for the Connaught finals in Loughrea, Co. Galway on Sat. 13th October.  Maith sibh!  A special thanks to all the parents who helped out on the day.

Comórtas Lúthchleasaíochta/”Super Valu” Relays
Comhghairdeas lena páistí ar fad a ghlac páirt le déanaí. Míle Buíochas lena tuistí a chabhraigh leo ar an lá.
Congratulations to all the children who took part. Special thanks to the parents who helped out on the day.

R3 & R6:
Mar eolas, beidh ranganna snámha ag tosú ar an Mháirt 6ú Samhain ar feadh 6 seachtain do ranganna 3 & 6, an lá ina dhiaidh dúinn teacht ar ais ón mbriseadh Lár-Téarma. 
Please note that swimming will commence for Rang 3 & 6 on Tuesday 6th November, the day after we return from Mid-Term break.  A note will issue the week before Mid-Term.

AM AR SCOIL/TIME IN SCHOOL
Tabhair faoi deara go tosnaíonn scoil ag 8.50r.n. agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh na páistí istigh faoin am seo. É sin ráite, ní chóir go mbeadh páistí fágtha ar scoil roimh 8.40 r.n., ní bhíonn aon mhúinteoir ar dualgas roimhe seo. Freisin, ba chóir go mbeadh páistí bailithe in am tráthnóna (1.30/2.30) Má bhíonn do pháiste as láthair, cuir scéal nó nóta chuig an scoil le bhur dtoil.
Please note that school starts at 8.50 am. It is important that the children are in by that time. However, children should not be left to school before 8.40am, as there is no supervision before this time. Children should also be collected on time in the afternoon (1.30/2.30) If your child is absent, please contact the school and/or send in a note.

N.B. TABHAIR FAOI DEARA / PLEASE NOTE:
FÓGRA: SLÁINTE & SÁBHÁILTEACHT SA CHARRCHLÓS/ HEALTH & SAFETY IN CARPARK
Rinne an fhoireann agus an Bord athbhreithniú ar na socruithe maidir le teacht agus imeacht na páistí. Ar mhaithe le Leas na bPáistí, Cosaint Leanaí agus Sláinte agus Sábháilteacht, agus mar an chéad chéim, cuirfidh an scoil na nósanna imeachta nua seo a leanas i bhfeidhm.
AR MAIDIN

  • Má thagann tú i gcarr, ba chóir duit na páistí a shiúil go dtí an líne nó go díreach chuig an cosán. Ná lig dona páistí siúl tríd an gcarrchlós.
  • Seasann na páistí i líne os comhair na scoile agus taobh istigh den bhalla. Ná seas, le do thoil, taobh amuigh den bhalla mar go bhfuil riosca sábháilteachta ann.
  • Ba chóir dona páistí a bheith ar scoil in am. I gcás go mbíonn páistí déanach, is fear iad a scaoileadh síos leo féin ón ngeata chun cur isteach ar an rang a laghdú. Más gá teachtaireacht a thabhairt, is féidir le tuismitheoirí dul suas chuig oifig na scoile.

 TRÁTHNÓNA

  • Ní cheadófar d’aon pháiste fágáil tríd páirc/bainc cloiche Naomh Mhuire ná díreach tríd an carrchlós.
  • Úsáidfidh páistí ag siúl agus / nó ag baint úsáide as an tseirbhís bus an cosán amháin.
  • Ba chóir páistí a théann abhaile i gcarr nó a bhailítear iad, a bhailiú ón spás taobh istigh den bhalla (i,e, má tá do leanbh á mbailiú agat, fan orthu taobh istigh den bhalla.)
  • Tabharfaidh múinteoirí na ranganna chuig an bpointe bailiúcháin / cosán gach tráthnóna.
  • Má tá gá le páistí a bhailiú go luath, cláraigh é seo sa leabhar san oifig ar dtús.

Iarraimid comhoibriú gach tuismitheoir leis na socruithe nua seo. Míle Buíochas
The staff and Board have reviewed arrangements for arrival and dispersal of children. In the interests of Pupil Welfare, Child Protection and Health & Safety, and as a first step, the school will implement the following new procedures . 
MORNING

  • If arriving by car, children should be walked to the line or directly to the footpath. Please do not let children walk through the carpark.
  • Children line up in front of the school and inside the wall. Please do not congregate outside the wall as this poses a safety risk.
  • It is important that children arrive at school in time. If late, allow them to walk unaccompanied to their room from the side-gate to minimise disruption to their class. If a message needs to be given, parents can call up to the school office.

AFTERNOON

  • No children will be allowed exit through St. Mary’s/stone bank nor directly through the carpark
  • Children walking and/or using the bus service exit the school by the footpath only.
  • Children going home by car or being collected should be collected from inside the wall (i.e. if collecting your child, please wait inside the wall for them)
  • Teachers will bring the classes to the collection point/footpath each afternoon.
  • If children need to be collected early, please sign the book in the office first.

We ask for all parents’ co-operation with these new arrangements. Míle Buíochas