Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR, MEITHEAMH 12, 2022

ABBVIE – Week of Possibilities
Tá lúcháir orainn go bhfuil an scoil roghnaithe ag ABBVIE dá “Seachtain Féidearthachtaí” bliantúil ina gcaitheann oibrithe na cuideachta am ag tabhairt ar ais dá bpobail áitiúla trí obair dheonach a dhéanamh. I measc na bpríomhoibreacha a dhéanfar beidh tarmacáil ar chuid de spás an chlóis (tá muid buíoch de Naomh Muire a bheidh ag cur dromchla nua ar an gcuid eile den spás), péinteáil an fhoirgnimh, tírdhreachtú, péinteáil agus maisiú an chlaí sa chlós, marcanna clós súgartha agus spásanna céadfacha lasmuigh maraon le seomra ranga lasmuigh. Beidh an phríomhobair ar siúl le linn na seachtaine deiridh de Mheitheamh ach tá an réamhobair tosaithe agus muid féin, Naomh Muire agus Abbvie ag comhoibriú le chéile chun an tionchar ar ranganna don mhí eile den scoilbhliain a laghdú.
We are delighted that the school has been selected by ABBVIE for their annual “Week of Possibilities” whereby workers from the company spend time to give back to their local communities through volunteering. The main works will include tarmacking of some of the yard space (we are grateful to St. Mary’s who will be resurfacing the remainder of the space), painting of the building front, landscaping, painting and decorating of yard fencing, playground markings and the installation of outdoor sensory spaces and an outdoor classroom. The main work will take place during the last week of June but preliminary work has begun and both ourselves, St. Mary’s and Abbvie are co-operating to minimise the impact on classes for the remaing month of the school year.

COMHGHAIRDEAS
COMHGHAIRDEAS le Rang 2 a ghlac a gCéad Chomaoineach, agus le Rang 6 a chuaigh faoi lámh easpaig, le déanaí. Buíochas mór lena baill foirne a bhí páirteach agus le ceoltóirí na scoile.
CONGRATULATIONS to Rang 2 who made their First Communion, and to Rang 6 who recently were confirmed. Many thanks to the staff involved and to the school musicians.

TURASANNA/TOURS
Tá na sonraí scaipthe faoin am seo:
* R6 – Baile Átha Cliath ar an DÉARDAOIN 23/6/2022
* Naíonáin go R2 – Shannon River Adventure ar an LUAN 27/6/2022
* R3 go R5 – Shannon River Adventure ar an MHÁIRT 28/6/2022
Information has been sent out to all classes:
* R6 – Dublin on THURSDAY 23/6/2022
* Infants to R2 – Shannon River Adventure on MONDAY 27/6/2022
* R3 go R5 – Shannon River Adventure on TUESDAY 28/6/2022

DÚNADH SCOILE/SCHOOL CLOSURES
Beidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 ar an gCÉADAOIN an 29ú Meitheamh do laethanta saoire an tSamhraidh. Beidh an scoil ag athoscailt ar an gCÉADAOIN 31ú Lúnasa 2019. Cnag anseo – féilire don bhliain nua.
We will close on WEDNESDAY 29th June at 12.00 for the summer holidays. The opening day for the new school year will be WEDNESDAY August 31st 2022 at 8.40 a.m.  Click here for the new school year calendar.

ÉIDE SCOILE/UNIFORM
Cinntigh le do thoil go gcloíonn na páistí leis an éide scoile ceart. Le linn aimsir the is féidir leo bairr bána simplí (nó na t-léinte Gaeilge24) agus/nó brístí gearra dorcha a chaitheamh.
Please ensure that children adhere to the correct uniform for school. During warm weather children may wear plain white tops (or the Gaeilge24 t-shirts) and/or dark shorts.

ÍOCAÍOCHTAÍ ARLÍNE/ONLINE PAYMENTS
Má oireann daoibh, bheimis buíoch táillí a bheith seolta chugainn ag úsáid na sonraí thíos ag baint úsáid as do chóras baince féin. Déan cinnte go bhfuil ainm an phaiste/clainne sa tagairt íocaíochta.
Parents can use their own online banking service to make payments using the following details (NB ensure your child/family name is in the text narrative)
ULSTER BANK
IBAN: IE67ULSB98626052804007
BIC: ULSBIE2D

LEABHAIR AR AIS/RETURN OF BOOKS
Agus muid ag druidim le deireadh na bliana, iarraimid go dtabharfar gach leabhar scoile ón Scéim Cíosa Leabhar agus go háirithe os cionn 40 leabhair PM atá ar iarraidh, ar ais don scoil.
As we draw near to the end of the year, we ask that all school books from the Book Rental Scheme and especially over 40 missing PM readers, be returned to the school.

Tuairiscí Scoile / School Reports
Eiseofar tuairisc scoile do gach pháiste faoin 22ú Meitheamh.
A school report will be issued for each child by June 22nd.

Ranganna/ Classes 22-23
Déanfar na socraithe cuí idir seo agus deireadh na bliana agus cuirfear in iúl daoibh na socraithe maidir le seomraí, ranganna agus múinteoirí roimh dúnadh na scoile ar an 29ú Meitheamh.
Planning will continue between now and the end of the year and you will be notified of the arrangements for classrooms, classes and teachers before the school closes on June 29th.

LABHAIRT NA GAEILGE-GLÓR NA SEACHTAINE
Seo na páistí a ghnóthaigh duais Glór na Seachtaine do labhairt na Gaeilge sa scoil:
These are the children who won the Glór na Seachtaine prizes lately for speaking Irish in school:
GLÓR NA SEACHTAINE 23/05/2022
Mtr. Yvonne: Nova & Oscar
Mtr. Jade: Theodore & Louis
Mtr. Laura Ann: Matthew & Lexi
Mtr. Seosaimhín: Israel & Luke H
Mtr. Máire: Ceola & Jim
Mtr. Herta: Pearse & Seb
Mtr. Liz: Maeve & Euan
Mtr. Katie: Dára & Ríadh
Mtr. Katríona: Laoise & Pearse

GLÓR NA SEACHTAINE 30/05/2022
Mtr. Yvonne: Jack H & Hayley
Mtr. Jade: Saoirse & Ryan
Mtr. Laura Ann: Síofra & Daithí
Mtr. Seosaimhín: Caolán & Sarah
Mtr. Máire: Albert & Blythe
Mtr. Herta: Sean & Ceola
Mtr. Liz: Sadhbh Ni G & Mya
Mtr. Katie: Éabha & Pearl
Mtr. Katríona: Conor & Elena

GLÓR NA SEACHTAINE 07/06/2022
Mtr. Yvonne: Charlie & Rhea
Mtr. Jade: Keith & Isabelle
Mtr. Laura Ann: Oscar J & Norah
Mtr. Seosaimhín: Mila & Fionn
Mtr. Máire: Teddy & Lara
Mtr. Herta: Searlan & Ellie
Mtr. Katie: Ruairí & Seán
Mtr. Katríona: Réailtín & Christopher