Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR 30 MEITHEAMH (JUNE) 2021

MÍLE BUÍOCHAS!!
Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh! Is cinnte gur scoilbhliain dhifriúil a bhí ann arís, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a a bhí baint acu leis an scoil agus a chuidigh leis an iarracht le linn tréimhse an-dúshlánach. In ainneoin na ndúshlán agus an chur isteach, bhí an t-ádh linn go raibh muid in ann rudaí a choinneáil chomh noirmeálta agus ab fhéidir agus tá súil againn go mbeidh imeachtaí mar na Turais Scoile, an Lá Spóirt agus an veain uachtar reoite beo i gcuimhne na bpáistí go deo!

Míle buíochas libhse, na tuismitheoirí, as bhur dtacaíocht agus bhur ndílseacht i rith na bliana. Is mór againn bhur gcomhoibriú leis na bearta go léir a bhí i bhfeidhm. Bhí na páistí ar fheabhas ar fad agus ba chóir daoibh a bheith an-bhródúil astu.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann ar fad, Muínteoirí Yvonne, Jade, Laura Ann, Fiona, Samantha, Donna, Liz, Katríona, Paddy, Gráinne, Herta, Aengus, Dara, ár SNAnna Síle, Sorcha & Bríd, Muireann ár Rúnaí, agus do mhúinteoirí Emily, Katie, Jo agus Aisling a d’oibrigh linn i rith na bliana, as a gcuid oibre go léir don scoil agus do na daltaí. Buíochas speisialta lenár gCathaoirleach Bartley Ó Gabháin agus an Bord Bainistíochta a thugann go flaithiúil lena gcuid ama i gcónaí.

Guím gach dea-ghuí ar Rang 6 atá ag imeacht agus a bheidh ag tosú ar an Meánscoil tar éis an tsamhraidh. Bhí an t-ádh linn go raibh muid in ann searmanas bronnta céime ar líne a reáchtáil agus bualadh bos ar a lá deireanach ar scoil.

Tuigimid go mbeimid ag filleadh tar éis an tsamhraidh faoi phrótacail agus socruithe comhchosúla a bhí i bhfeidhm i rith na bliana, ie teacht agus imeacht tuislithe, níocháin láimhe, sláintíocht, sosanna lóin tuislithe, srl. Beidh níos mó sonraí againn sula bhfillfimid agus beimid i teagmháil ansin.

Athosclaíonn an scoil Dé Máirt 31 Lúnasa 2021 @ 8.40r.n. agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh ar ais agus roimh na páistí nua a bheidh ag tosú linn. Idir an dá linn, guím samhradh suaimhneach, taitneamhach agus sábháilte ar gach duine. Tugaigí aire daoibh féin agus dá chéile.

Summer is finally here! It certainly has been, yet again, a different school year, and I would like to express my gratitude to all involved with the school who have contributed to the effort during a hugely challenging period. Despite the challenges and disruption, we have been fortunate to have been able to keep things as normal as possible and hopefully events such as the School Tours, Sports Day and the ice-cream van will live long in the children’s memory!

Many thanks to you, the parents, for your support and loyalty throughout the year. Your co-operation with all the measures in place is greatly appreciated. The children have been absolutely fantastic throughout and are a credit to you all.

I would like to thank all the staff, Múinteoirí Yvonne, Jade, Laura Ann, Fiona, Samantha, Donna, Liz, Katríona, Paddy, Gráinne, Herta, Aengus, Dara, our SNAs Síle, Sorcha & Bríd, Muireann our Secretary, and to Múinteoirí Emily, Katie, Jo and Aisling who worked with us during the year, for all their work for the school and the pupils during the year. Special thanks to Bartley Ó Gabháin and the Board of Management who give freely of their time throughout the year. Míle buíochas!

Best wishes to our departing Rang 6 who will be starting Secondary school after the summer. We were fortunate enough to be able to run an online graduation ceremony and clap-out on their last day at school.

We understand that we will be returning after the summer under similar protocols and arrangements that have been in place during the year, i.e. staggered arrival and dismissal, handwashing, sanitising, staggered lunch breaks etc. We will have more details before we return and be in contact then.

School reopens on TUESDAY August 31st 2021 @ 8.40 a.m. and we look forward to welcoming you back as well as the new children who will be joining us. In the meantime, I wish everyone a restful, enjoyable and safe summer. Mind yourselves and each other.

Múinteoir Mícheál

LEABHARLIOSTAÍ – LEABHAIR AR CHÍOS / BOOKLISTS – SCHOOL BOOK RENTAL SCHEME
Beidh eolas faoi na leabharliostaí curtha amach ag deireadh na míosa maraon le socraithe chun íocaíocht a dhéanamh leis an scoil ar líne, árachas do pháistí, ranníocaíocht dheonach, srl.
Information on the booklist for your child(ren) will be sent out at the end of this month as well as details of online payments, pupil insurance, voluntary contribution, etc.

RANGANNA / CLASSES for 2021-2022
Seo mar a bheidh na ranganna roinnte don scoilbhliain nua:
Classes will be divided as follows for the new school year:
Naíonáin Shóisir/Junior Infants: Múinteoir Yvonne
Naíonáin Shinsir/Senior Infants: Múinteoir Jade
Rang 1: Múinteoir Laura Ann
Rang 2: Múinteoir Fiona
Rang 3: Múinteoir Samantha
Rang 4: Múinteoir Herta
Rang 5: Múinteoir Liz
Rang 5/6: Múinteoir Lynne
Rang 6: Múinteoir Katríona
Speisialta/Special Ed 1: Múinteoir Dara
Speisialta/Special Ed 2: Múinteoir Aengus
Speisialta/Special Ed 3: Múinteoir Gráinne
SNA (3): Síle, Bríd, Sorcha
Príomhoide: Múinteoir Mícheál