Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR #2 -CAIRDE- Nollaig 2023

CRANNCHUR NA NOLLAG/CHRISTMAS RAFFLE
Tá maoiniú scoileanna, le bliain anuas ach go háirithe, fós ina ábhar imní in ainneoin roinnt tionscnamh nua ar nós scéim na leabhar scoile in aisce. Réimse mór faillí amháin is ea teip na Roinne deontas TFC, a raibh súil leis, a íoc anuraidh. Ní mór don scoil roinnt clár bán idirghníomhacha (atá os cionn deich mbliana d’aois) a athsholáthar chomh luath agus is féidir agus tá CAIRDE aontaithe cuidiú leis an €2000 atá ag teastáil a bhailiú. Beidh crannchur á reáchtáil againn i gcomhar le seó Nollag na scoile agus an seirbhís carúil ar an 20ú. Cosnóidh ticéid €2 an ceann nó 3 ar €5, agus beidh an tarraingt ar siúl tar éis na seirbhíse Carúl thuas staighre i St. Mary’s. Is féidir leat an t-airgead a sheoladh isteach roimh ré nó iad a cheannach ó thuismitheoirí ar an lá. Teastaíonn spotduaiseanna d’ardchaighdeáin uainn freisin, agus is féidir iad a fhágáil isteach in oifig na scoile sna laethanta roimhe. Tacaigí le do thoil, GRMA!

Funding of schools, in the past year in particular, continues to be an issue despite a number of new initiatives such as the free school book scheme. One major area of neglect has been the failure of the Department to pay an expected ICT grant last year. The school needs to replace a number of interactive whiteboards (over ten years old) as soon as possible and CAIRDE have agreed to help fundraise the €2000 required. We will be running a raffle in conjunction with the school Christmas show and carol service on the 20th. Tickets will cost €2 each or 3 for €5, and the draw will be held after the Carol service upstairs in St. Mary’s. You can send in the money in advance (in an envelope marked RAFFLE) or purchase from parent volunteers on the day. We also require good quality spot prizes which can be left into the school office in the days leading up to the draw. Please support, GRMA!

Ceolchoirm agus Seirbhís Carúil na Nollag/ Christmas Concert & Carol Service
Eagróidh Cairde sóláistí i CLG Naomh Muire do na tuismitheoirí, na seantuismitheoirí, agus baill teaghlaigh tar éis ceolchoirm na Nollag agus an Seirbhís Carúil ar an gCéadaoin 20ú Nollaig. Cúnamh ar an lá agus báicéirí ag teastáil! Líon seo:  https://forms.gle/udK4U3EXErnh2oxy5 Tá cúpla duine sa bhreis ag teastáil uainn idir 11 agus 1.

Cairde will organise teas, coffees and bakes in St Mary’s GAA for all parents, grandparents, and family members after each of the classes have performed at the Christmas concert and Carol Service on Wednesday 20th December. Helpers and bakers needed! Sign up here: https://forms.gle/udK4U3EXErnh2oxy5 We need a few more helpers between 11 and 1. GRMA!