Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

Nuachtlitir Cairde Eagrán (Issue) Aibreáin/April 2024

Ba mhaith linn roinnt eolais a thabhairt daoibh faoi CAIRDE, Cumann na dTuismitheoirí na Gaelscoile. Tá gach tuismitheoir/caomhnóir sa scoil ina b(h)all de CAIRDE. Toghtar príomhchoiste agus ionadaithe ranga ag tús na scoilbhliana a chomhoibríonn le Mícheál agus an Bord Bainistíochta ó thaobh thiomsú airgid agus araile. Bíonn cruinniú neamhfhoirmiúil ag Cairde uair amháin in aghaidh na míosa a mhaireann uair ar a mhéad. Ná ceap gurb é aidhm na gcruinnithe jabanna a dháileadh ar dhaoine! Cuirfear fáilte roimh gach tuismitheoir agus iarraimid oraibh teacht ó am go chéile chun braon tae a ól, bualadh le tuismitheoirí eile agus léargas a fháil ar chúrsaí a bhaineann le heispéireas scoile do pháiste féin. Féach an bhileog anseo le haghaidh a thuilleadh eolais: Cairde Explained
We’d like to take this opportunity to give you some information on CAIRDE, the Gaelscoil’s parent association. Every parent/guardian is automatically a member of CAIRDE. At the start of every school year, a core committee and class reps are elected who work with Mícheál and the Board of Management to organise fundraising and social events etc. CAIRDE holds an informal meeting about once a month, which lasts an hour at most. You will not be handed a job at the meeting so please don’t let that put you off coming! Everyone is welcome and we would ask you to come at least once to have a cuppa, chat with other parents, and get some insight into the issues that directly affect your child. Please see this leaflet for more information: Cairde Explained

AGM CAIRDE, 24/4/24:
Eagrófar AGM CAIRDE Dé Céadaoin seo chugainn, 24 Aibreán, ag 8pm sa scoil. Toghfaimid cúpla oifigeach (Cathaoirleach, Rúnaí agus Cisteoir) chomh maith le 1 nó 2 thuismitheoir ó gach rang a fháil chun suí ar choiste don chuid eile den bhliain seo agus tús na bliana seo chugainn. Smaoinigh le do thoil cabhrú linn. Má tá suim agat, ach níl tú in ann freastal ar an AGM, seol sonraí chuig cairde@cnocnare.net 

We will hold the CAIRDE AGM next Wednesday, April 24th, at 8 pm in the school. We will elect a few officers (Chair, Secretary and Treasurer) as well as get 1 or 2 parents from each class to sit on a committee for the rest of this year and the start of next year. Please consider helping out. If you are interested but cannot attend the AGM, please send details to cairde@cnocnare.net . GRMA!

Turas Teaghlaigh – Siúlóid Chósta/Family Outing -Coastal Walk 21/4/24
Eagrófar imeacht do theaghlaigh ar an Domhnach seo, Aibreáin 21ú @ 2.30 pm. Siúlóid cois chósta a bheidh ann, tríd gnáthóga éagsúla lena n-áirítear cósta dumhcha gainimh, riasc goirt agus coillearnach péine. Siúlfaimid gar do Eaglais Chill Easpaig Bhróin, suíomh luath-Chríostaí stairiúil. Tabhir libh picnic. Builfimid le chéile ag an nGunna Mór sa Leathros ó 2.15pm.

A school Family Outing will take place this Sunday, April 21st at 2.30 pm. This stunning coastal walk will bring us through a variety of coastal habitats including sand dunes, salt marsh and pine woodland. We will pass by Killaspugbrone Church, a historic early Christian site on the route. Bring a picnic to share. Meeting point: the cannon at the beachfront in Strandhill from 2.15 pm. 

Imeachtaí Eile/Other Events
Tá súil ag CAIRDE na rudaí seo a leanas a eagrú roimh dheireadh na bliana:
(a) Cóisir do pháistí agus do theaghlaigh rang a dó tar éis searmanas an Chéad Chomaoineach ar an Satharn 18ú Bealtaine
(b) Skipathon tiomsaithe airgid i mí an Mheithimh.

CAIRDE hope to organise the following before the end of the year:
(a) Communion party for 2nd class children and their families following the First Communion ceremony on Saturday 18th May
(b) A fundraising Skipathon in June.