Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHT/NEWS – NAIÓNÁIN NUA (NEW INFANTS) 28-08-23

A chairde,

 Nuacht agus cúpla meabhrán chun cabhrú libh agus an scoil ag oscailt ar an gCéadaoin:/Some news and reminders to help with preparations for school opening on Wednesday:

Ní bheidh Múinteoir Yvonne i láthair go ceann cúpla lá. Tógfaidh Múinteoir Gráinne an rang ar an gCéadaoin agus Múinteoir Lynne Déardaoin agus Dé hAoine. Is iad Gráinne agus Lynne na múinteoirí tacaíochta do na ranganna Sóisearacha agus beidh siad ag obair leis na páistí go rialta i rith na bliana. Please note that Múinteoir Yvonne will not be present for the first few days. The class will be taken by Múinteoir Gráinne on Wednesday and Múinteoir Lynne on Thursday and Friday. Gráinne and Lynne are the support teachers for the Junior classes and will be working with the children regularly throughout the year.

CÉAD LÁ SCOILE/FIRST DAY AT SCHOOL (WEDNESDAY)
Chun cabhrú lena páistí socrú isteach, ní bheidh tuismitheoirí ag dul isteach i bhfoirgneamh na scoile lena bpáistí ar an gcéad lá scoile (ná ar laethanta ina dhiaidh sin). Chun an ócáid thábhachtach seo a cheiliúradh, áfach, cuirfimid tús leis na Naíonáin Shóisearacha beagán níos déanaí ná na daltaí eile ar an gcéad mhaidin, le spás a fhágáil chun an lá speisialta seo a mharcáil agus grianghraif a thógáil lasmuigh. Maidir le páistí le siblíní sa scoil cheana féin, iarraimid go dtiocfadh na páistí sin am ar bith idir 8.45 agus 9.00, agus go dtiocfadh páistí gan siblíní idir 9.00 agus 9.15. Bí cinnte go ndéanfaidh Múinteoirí Gráinne, Jade agus foireann eile na scoile a ndícheall chun a chinntiú go mbraitheann gach páiste sona agus sábháilte ar scoil. (Leid úsáideach do pháistí a d’fhéadfadh a bheith imníoch faoi dhul isteach gan tuismitheoir – tabhair dóibh rud beag a bhaineann leat le coinneáil leo go dtí go bhfilleann tú.)
To help all the children settle into their classroom calmly, parents do not enter the school building with their child on the first day of school (nor on subsequent days). However, to mark this important milestone, we will start the Junior Infants a little later than the other pupils on the first morning to allow for space to mark this special day and take photographs outside. For children with siblings already in the school, we ask that those children would come anytime between 8.45 and 9.00, and that children without siblings would come between 9.00 and 9.15. Rest assured, Múinteoir Gráinne, Múinteoir Jade and other school staff will do their best to make sure that every child feels happy and safe at school. (A useful tip for children who might be anxious about going in without a parent – give them something small belonging to you to ‘mind’ for you until you return.)

AM FÁGÁLA/FINISHING TIMES
Rachaidh na Naíonáin Shóisir abhaile ag 12.00 gach lá ar feadh tamaillín ag tús na bliana: 30/8 – 8/9/2023, agus ag 1.20 ó sin ar aghaidh.
Junior Infants will finish at 12.00 each day for the first weeks: 30/8 – 8/9/2023, and thereafter at 1.20pm.

AG TEACHT AGUS AG FÁGÁIL NA SCOILE/COMING TO AND LEAVING THE SCHOOL 
Osclóidh an scoil ag 8.40 gach lá, ag dúnadh ar 2.20. Ba chóir do pháistí teacht ar scoil idir 8.40 agus 8.50 gach maidin. Ní mór do gach páiste a bheith ar scoil faoi 8.50 le bhur dtoil. Ar mhaithe le hárachas, ní cheadaítear do leanaí dul isteach ar thailte na scoile roimh 8.40r.n. Molaimid go láidir do pháistí siúl nó rothaíocht chuig agus ón scoil. Tá foscadh nua do rothair faighte againn ar chúl na scoile.
Tabhair faoi deara iad seo a leanas maidir le carrchlós na scoile. Tá na srianta seo i bhfeidhm ar mhaithe le Sláinte & Sábháilteacht agus iarraimid bhur gcomhoibriú iomlán:

  • Ní bheidh aon pháirceáil sa charrchlós, ach amháin don fhoireann. Baineann sé seo freisin le bailiúcháin ag 1.20 (Naíonáin)
  • Tá áit ‘fágála’ ainmnithe ar aghaidh na scoile. Níl aon pháirceáil ceadaithe sa limistéar seo.
  • Tá áit ainmnithe do bhusanna agus do bhailiúcháin ag cosán na scoile. Ní ceadaítear páirceáil sa limistéar seo ag am ar bith.
  • Tá páirceáil ar fáil ar chúl na páirce peile más gá. Is féidir leanaí a thagann i gcarr a fhágáil go dtí an geata in aice leis na céimeanna agus leanfaidh siad an cosán chun rochtain a fháil ar thailte na scoile ag an tollán. Tabhair faoi deara, le do thoil, nár cheart do dhaoine fásta atá i dteannta leanaí dul thar limistéar an tolláin.
  • Téann na páistí díreach chuig a seomra ranga gach maidin. Ní bheidh aon línte nó bailiúcháin ar chlós. Bainfidh páistí ó Naíonáin Shóisir (Múinteoir Yvonne) úsáid as an bpríomhdhoras tosaigh. Bainfidh páistí ó Naíonáin Shóisir (Rang Jade) úsáid as doras Naomh Muire. Siúlfaidh páistí ó Naíonáin Shinsir (Rang Laura Ann) chuig a Seomra tríd an geata ar thaobh na scoile. Rachaidh páistí i seomraí réamhdhéanta díreach chuig a gcuid féin freisin.
  • Ba cheart do dhaoine fásta, atá ag bailiú leanaí ón scoil ag deireadh an lae (1.20 AGUS 2.20), fanacht ar na céimeanna in aice le príomhpháirc Naomh Mhuire (páircéail ar chúl na páirce peile). NÍ FÉIDIR leanaí a bhailiú ó AON CHUID den charrchlós.

Iarraimid ar gach tuismitheoir eolas a chur ar na gnáthaimh fágála agus bailithe chun daltaí a sheachadadh agus a bhailiú go sábháilte ón scoil. GRMA!
The school will open at 8.40 each day, closing at 2.20. Children should arrive at school between 8.40 and 8.50 each morning. ALL Children should be in school by 8.50 at the latest, please. For insurance purposes, children are not permitted onto school grounds before 8.40am. We strongly encourage children to walk or cycle to and from school. We have a new bike and scooter shelter in the school yard.
Please note the following in relation to the school car park. These arrangements are in place in the interest of Health & Safety and we ask for your full co-operation:

  • There will be no parking in the carpark, except for staff. This also applies to collections at 1.20 (Infants)
  • There is a designated ‘drop and go’ area at the front of the school. Strictly no parking is allowed in this area.
  • There is a designated bus drop and collection area at the school footpath. Strictly no parking is allowed in this area at any time.
  • Parking if required is at the rear of the pitch. Children arriving by car may be left to the gate adjacent to the viewing steps and will follow the footpath to access school grounds at the tunnel. Please note that adults accompanying children should not go beyond the tunnel area.
  • Children go straight to their class room every morning. There will be no línte or congregating on yard. Children from Naíonáin Shóisir (Múinteoir Yvonne) will use the main front door. Children from Naíonáin Shóisir (Rang Jade) will use the entrance door of St Mary’s. Children from Naíonáin Shinsir (Rang Laura Ann) can walk to their prefab classroom in the yard via the side gate. Children in the other prefabs go straight to their prefab also.
  • Adults, who are collecting children from school at the end of the day (1.20 AND 2.20),should wait on the steps beside St. Mary’s main pitch (Parking again behind the main pitch). Children CANNOT be collected from ANY PART of the carpark area.

We would ask all parents to familiarise themselves with the drop-off and collection routines for the safe delivery and collection of pupils from school. GRMA!!