Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR AIBREÁIN 3, 2020

A thuismitheoirí a chairde,

Tá súil agam go bhfuil gach duine ag coinneáil slán sábháilte. Táimid tar éis teacht trí chúpla seachtain aisteach agus eiceachtúil agus inniu tús laethanta saoire na Cásca. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na páistí, na múinteoirí agus na tuismitheoirí go léir as gach atá déanta le cúpla seachtain anuas. Tá an dlúthpháirtíocht agus an tiomantas atá léirithe ag gach duine le moladh go hard. Níl obair fhoirmiúil scoile á leagan amach againn do na páistí don choicís amach romhainn, ach roinnt moltaí chun iad a choinneáil gníomhach agus gnóthach le linn na tréimhse sin. Nuair a bhíonn a fhios againn go díreach cad é an scéal maidir le hoscailt tar éis na Cásca rachaimid i dteagmháil leat ach go dtí seo tá an fhoireann ag ullmhú le haghaidh atosú ar fhoghlaim bhaile. Coinnigh do chuid grianghraf ag teacht, is breá linn gach atá ar siúl a fheiceáil. Bígí cúramach agus fanaigí slán agus beimid i dteagmháil arís gan mhoill. Tóg go bog é leis an seacláid !!

Cnag anseo do liosta smaointe do ghníomhaíochtaí. Cáisc shona daoibh!

I hope everyone is keeping safe and well. We have come through a few strange and unprecedented weeks and today marks the start of the Easter holidays. I want to thank all the children, teachers and parents for all that has been done in the last few weeks. The solidarity and commitment that everyone has shown is to be commended. We are not setting out formal schoolwork for the children for the coming fortnight, but rather some suggestions to keep them active and busy during that time. When we know exactly what the situation is with regard to opening after Easter we will contact you but for now the staff are preparing for a resumption of home learning.  Keep your photos coming, it is great to see what is going on. Please take care and stay safe and we will be in touch again shortly. Go easy on the chocolate!!

Click here for the list of ideas for activities. Happy Easter!