Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

R2 R3 – RANGANNA / CLASSES for 2018-2019

Tá ranganna 2 agus 3 meascaithe chun trí rang a chruthú – RANG 2, RANG 2&3 agus RANG 3. 
Rinneadh an scoilt de reír polasaí na scoile, mar seo a leanas:

  • cuireadh daltaí a bhí i rang scoilte cheana féin i rang amháin;
  • baineadh amach dáileadh réasúnta cothrom ar bhuachaillí / cailíní i ngach rang;
  • cuireadh cairdeas san áireamh, agus tá cara amháin ar a laghad óna liosta le gach páiste (3 nó 4 ag go leor acu) ina rang nua;
  • tugadh aird do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta foghlama, iompraíochta nó sóisialta acu;
  • ní raibh aon chinneadh déanta bunaithe ar chumas acadúil aon pháiste.

Tá na páistí curtha ar an eolas inniu maidir lena ndáileadh ranga don bhliain seo chugainn agus cuireadh sonraí chuig na tuismitheoirí trí théacs.
Tabhair faoi deara 
(1) go múinfear an curaclam cuí do gach grúpa go hiomlán i ngach rang;
(2) gheobhaidh an dá rang éagsúl sa rang meascaithe breis taíochta in-ranga sa litríocht agus uimhreacht, agus
(3) eagrófar gníomhaíochtaí i rith na bliana chun féiniúlacht ranga a dhaingniú.
Go raibh maith agat as ucht do chomhoibriú..

For next year Rang 2 (this year’s Rang 1 – 44 pupils) and Rang 3 (this year’s R2 – 36 pupils) have been mixed to create three classes – RANG 2, RANG 2&3 and RANG 3. 
The division was made in accordance with the school policy, as follows:

  • pupils who have been in a split class already were placed in a single class;
  • a reasonably balanced distribution of boys/girls for each class;
  • friendships were taken into account, and each child has at least one listed friend (many have 3 or 4) with them in their new class;
  • consideration was given to children who have special learning, behavioural or social needs;
  • no decisions taken were based on academic ability.

The children have today been informed of their class allocation for next year and details have been sent to parents by text. Please note that
(1) the appropriate curriculum for each grouping will be taught in full in each class;
(2) the two distinct groupings in the mixed class will receive increased literacy and numeracy support in their own groupings, and
(3) activities will be organized throughtout the year to maintain class identity.
Thank you for your co-operation.