Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

R4, 17-12-2022

Mar is eol daoibh, chuaigh an clár fiúsanna i Rang 4 trí thine maidin inné agus na páistí ar tí imeacht don tSeirbhís Carúil. Toisc gníomh pras Mhúinteoir Herta, aslonnaíodh an rang go sábháilte agus mhúch Múinteoirí Herta agus Katríona an tine go tapa. Glaodh ar an bhriogáid dóiteáin freisin mar réamhchúram. Mo bhuíochas le Múinteoir Herta agus an fhoireann ar fad as a gcuid iarrachtaí ar an lá. Ar an dea-uair, laghdaíodh an damáiste ach ní féidir leas a bhaint as an seomra ranga go fóill agus déanfar socruithe eile a bheidh curtha in iúl daoibh roimh an Luan.

As I’m sure you are aware, the fuse board in Rang 4 caught fire yesterday morning as the children were about to leave for the Carol Service. Thanks to the prompt action of Múinteoir Herta, the class was safely evacuated and Múinteoirí Herta and Katríona extinguished the fire quickly. The fire brigade was called also as a precaution. My thanks to Múinteoir Herta and all the staff for their efforts on the day. Thankfully, damage was minimised but the classroom cannot be used for the foreseeable and other arrangements will be made and communicated before Monday.

Míle Buíochas

Múinteoir Mícheál