Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

NUACHTLITIR Meith. 29, 2016

RANGANNA / CLASSES for 2016-2017
Beidh rang amháin Naíonáin Shóisir againn i Meán Fómhair. Tá múinteoir breise ceadaithe ag an Roinn faoi réir líon áirithe páistí a bheith cláraithe linn i mí Mheán Fómhair. Tugann sé seo deis dúinn dhá rang Naíonáin Shinsir chomh maith le dhá rang Rang 1 a bheith againn, mar sin ní bheidh rang meascaithe/scoilte. Beidh na ranganna seo socraithe tráthnóna Céadaoin. Beidh 2 mhúinteoir le earcú i rith an tsamhraidh (Rang 1, Rang 4)
There will be one Junior Infant class next year. The school has also been granted an extra class teacher for the new school year subject to a certain number of children being enrolled in September. This will allow us to have two Naíonáin Shinsir classes as well as two Rang 1 classes. i.e. no split/mixed class. These classes will be finalised on Wednesday afternoon. Two teachers will be appointed during the summer (Rang 1, Rang 4)

Seo mar a bheidh na ranganna roinnte don scoilbhliain nua
Classes will be divided as follows for the new school year.

  • Naíonáin Shóisir/Junior Infants Múinteoir Lynne
  • Naíonáin Shinsir/Senior Infants Múinteoir Katríona
  • Naíonáin Shinsir/Senior Infants Múinteoir Liz
  • Rang 1  Múinteoir Máire
  • Rang 1    Múinteoir –le socrú/to be confirmed
  • Rang 2  Múinteoir Fiona
  • Rang 3 Múinteoir Aengus
  • Rang 4 Múinteoir –le socrú/to be confirmed
  • Rang 5   Múinteoir Gráinne
  • Rang 6 Múinteoir Samantha
  • Foghlama/Learning Support 1  Múinteoir Dara
  • Foghlama/Learning Support 2 Múinteoir Yvonne/ Múinteoir Herta
  • Príomhoide Múinteoir Mícheál

Deireadh na Bliana
Beidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 ar an Déardaoin 30 Meitheamh dona laethanta saoire. Beidh an scoil ag athoscailt ar AN DÉARDAOIN 1ú Meán Fómhair.
School will close for Summer Holidays at 12pm this Thursday 30th June.  The opening day for the new school year will be THURSDAY September 1st at 8.50 a.m.

LEABHAIR SCOILE AR CHÍOS/SCHOOL BOOK RENTAL SCHEME
Beidh na liostaí nua réidh go luath agus curtha sa phost. Íoc ar an gcéad lá ar ais le bhur dtoil.
Next year’s lists are being compiled and will be posted out shortly.  Book money is due on the first day back to school.

CAIRDE

Díolachán Éadaí Scoile/ School Uniform Sale
Reáchtálfar díolachán éadaí scoile sa halla ar an Déardaoin seo 30ú Meitheamh idir 10.00 r.n agus 1.00i.n. Is deis mhaith í seo pirilín, geansaí nó barréidí spóirt a fháil ar shíntiús beag. Má tá éadaí scoile (pirilíní, geansaithe agus barréidí spóirt amháin) agat nach dteastaíonn uait a thuilleadh agus riocht maith orthu, fág san oifig iad led thoil faoin gCéadaoin. (Ní bheidh éide scoile le caitheamh ag na páistí ar an Déardaoin 30ú) Beidh aon gheansaí srl. san oifig nár éilíodh tugtha do Cairde ar an gCéadaoin don díolachán.

A school uniform sale will take place in the school from 10.00am – 1 pm in the Halla this Thursday, June 30th.  This is a good opportunity to get your child a pinafore / jumper / tracksuit top in exchange for a small donation. Unwanted uniforms (pinafores, jumpers and tracksuit tops only please) in saleable condition can be donated to the office by tomorrow, Wednesday .  (Children do not need to wear school uniform on Thursday)  Any unclaimed jumpers or tracksuit tops in the “Lost Property” box will be going to Cairde on Wednesday for the uniform sale.