Baile Uí Dhúgáin, Sligeach
Fón: (071) 917 4019
header2

Nuachtlitir Cairde : March/Márta 2019

LEABHAIR CÓCAIREACHTA/COOK BOOK
Go raibh míle maith agaibh as bhur gcuid tacaíochta agus do na tuismitheoirí agus na leanaí uile a chuir oidis agus pictiúir arm fáil don leabhar cócaireachta a foilsíodh roimh na Nollag. Buíochas leis na tuismitheoirí uile a dhíol cóipeanna den leabhar agus a cheannaigh an leabhar dóibh féin agus dá gcairde. Ardaíodh €2,000! Buíochas freisin don lucht ghnó go léir a d’urraigh an leabhar cócaireachta – chlúdaigh an t-airgead seo na costais foilsiúcháin. Faoi láthair tá an scoil ag caint leis na páistí chun an trealamh súgartha a theastaíonn uathu don chlós a aimsiú agus úsáidfear an t-airgead ón leabhar cócaireachta chun an trealamh sin a cheannach. Ceannófar trealamh cuí dona haoisghrúpaí difriúla, ionas go gclúdóidh sé na ranganna go léir.
Thank you so much for all your support and to all the parents and children who contributed recipes and pictures to the cookbook which was published before Christmas. Thank you to all the parents who sold copies of the cookbook and who bought the cookbook for themselves and for their relatives.  The total raised for the cook book was €2,000.00. Thank you also to all the businesses who sponsored the cookbook because their sponsorship paid for the actual publication.   The school is currently talking to the children to see what play equipment they require for the playground and the money raised from the cook book will be used to buy that equipment.   Age appropriate equipment for different ages will be purchased so it will cover all the classes.

NASC LE BUNSCOIL TUMUTUMU/LINK TO TUMUTUMU SCHOOL IN KENYA, AFRICA
D’eagraigh Cairde Boston Tea Party i mí Márta 2018 agus ón €6,733.46 a ardaíodh cuireadh €1350 chuig scoil Tumutumu san Afraic. Tá an scoil ag cothabháil naisc láidre le scoil Tumutumu agus tá alt le dul isteach sa Sligo Champion maidir leis an airgead a chruinnigh an Ghaelscoil agus an nasc leis an scoil. Tá cóip den alt sin anseo. I gcomhar le Cairde, cuirfear pacáistí maidir le Lá Fhéile Pádraig agus don Cháisc chucu –  iarrfar ar na páistí sa Ghaelscoil cártaí a shíniú agus roinnt pictiúir a dhéanamh le cur chuig Tumutumu. Tá áthas ar Cairde tacaíocht a thabhairt don nasc idir na scoileanna agus táthar ag súil go mbainfidh gach páiste leas as seo. An fuílleach a bhí ag deireadh na bliana ná €5600 ach caithfear seo ar uasghrádú fearais IT na scoile sna seachtainí romhainn.
Cairde organised a Boston Tea Party in March 2018 (raising €6,733.46) €1350 raised from that event was sent to the Tumutumu primary school in Africa. The school is maintaining strong links with the Tumutumu school and an article is going to go into the Sligo Champion about the fundraising that the Gaelscoil did and the link with the Kenyan school. Click here to read the article.  In conjunction with Cairde, a St. Patrick’s Day and an Easter pack will be sent to Tumutumu school where the children in Gaelscoil will be asked to sign cards and do some pictures to send to Tumutumu.   Cairde is delighted to support and help links between our school and this school in Africa and it is hoped that all children will benefit from this link. The balance of the money raised out of the Boston Tea Party Night and other events was €5600 and this will be spent by the school on upgrading IT equipment in the coming weeks.

CAIRDE : Malartú Leabhair/Book Swap, Friday 8th March
Beimid ag eagrú lá malartú agus díol leabhar sa scoil ar an Aoine 8ú Márta. Beidh leabhair pháistí ag teastáil uainn a bhfuil dea-riocht orthu, agus beidh na leabhair sin á mbailiú againn ar ball.  Tabharfaidh gach páiste leabhar (nó leabhair) isteach (a bhfuil dea-riocht orthu) a thaitin leis/léi agus a mholfadh sé/sí dá gcairde. Gheobhaidh na páistí ticéid mar mhalairt ar na leabhair, agus is féidir leo ansin na ticéid a úsáid chun leabhair eile a fhaíl dóibh féin.Iarraimid oraibh na leabhair a chur isteach leis na páistí ar an 7ú Márta (Déardaoin).  Tá leabhair don aois-ghrúpa 11-13 ag teastáil go háirithe! Eagrófar crannchur chomh maith (50c in aghaidh an ticéid), agus tig leis na páistí leabhair a cheannach ar 50c an leabhair (3 ar a mhéad). Má tá níos mó leabhair nó ticéid crannchur ag teastáil ó do pháiste ar an lá, b’fhearr níos mó ná €1 a thabhairt de/di.
In conjunction with World Book Day, we will be running a book swap and sell event on Friday 8th March at the school. The book swap is a fun way for students to share their excitement for reading! Here’s how it works: Each child brings in a book or books (in good condition) that they enjoyed and would recommend to their friends.  In exchange for the books, students get tickets that can be redeemed for books during the swap (max 3). Please have the children bring in books to donate to the swap on Thursday 8th of March. NOTE: Books for Rang 6/age group 11–13 are needed in particular. There will also be a raffle (50c per ticket) and books available for purchase (50c). If your child is interested in participating in the raffle or selecting an additional book, they should bring in a few euro on the day.

Seachtain na Gaeilge
Seo a leanas an imeacht atá á reáchtáil ag Cairde chun tacú le gníomhaíochtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre:
Aoine 15ú Márta timpeall 5 – 7pm i gcaifé Osta: Oíche shóisialta….. Buail isteach le do pháistí (nó gaolta nó cairde) agus bain úsáid as do chuid Gaeilge!
Cairde is organising the following event to support the Seachtain na Gaeilge activities that will be happening nationwide from the 1st to the 17th of March:
Friday 15th March from 5 – 7 pm approx. in Osta café: Drop in with the kids (or friends, relatives etc.) and practise your ‘cúpla focal’!

 IMEACHTAÍ AG TEACHT/ UPCOMING EVENTS TO BE ORGANISED BY CAIRDE
(a) Tá Cairde chun seisiún ceoil á eagrú i gclub CLG Naomh Muire do theaghlaigh agus do na leanaí sna míonna atá le teacht.
(b) Eagróidh Cairde cóisir don rang comaoineach agus dá dtuismitheoirí, a seantuismitheoirí agus a ngaolta (Halla Gilhooly) tar éis an Aifreann ar an 12 Bealtaine.
(c) Siúlóid – táthar ag súil go neagróidh Cairde siúlóid shóisialta a eagrú do theaghlaigh i ndiaidh na Cásca.
Más mian le duine ar bith aon imeachtaí eile a mholadh ná bíodh leisce ort teacht ar na cruinnithe. Déanfaimid éascú ar aon imeachtaí breise a theastaíonn ó dhaoine a chur ar siúl a oiread agus is féidir.

  • Cairde will be organising a music session in St. Mary’s GAA club for families and the children over the upcoming months.
  • Cairde will be involved in organising the after party for the communion class and their parents, grandparents and relatives in the Gilhooly Hall after the Communion Mass.
  • It is hoped that after Easter Cairde will organise a social walk for families and children.

If anyone will like to suggest any other events please feel free to come to the meetings.  We will facilitate any further events that people wish to put on as much as possible.

CRUINNITHE/ NEXT CAIRDE MEETINGS
Seo a leanas na dátaí cruinnithe atá le teacht ag Cairde. Táimid ag lorg daoine i gcónaí chun teacht chuig na cruinnithe. Tá fáilte roimh chách ach go háiirithe daoine nua.
The following are the upcoming meeting dates that have been organised for Cairde.  We are always looking for people to come to the meetings.  It is a fun and sociable opportunity and new people are always welcome to come to the meetings.
Dé Céadaoin an 13 Márta 2019 Wednesday the 13th of March 2019
Dé Céadaoin an 10 Aibreán, 2019 Wednesday the 10th of April, 2019
Dé Céadaoin an 8 Bealtaine, 2019 Wednesday the 8th of May, 2019
Dé Céadaoin an 12 Meitheamh, 2019 Wednesday the 12th of June,2019

CAIRDE
Cad é Cairde? Is í Cairde cumann na dtuismitheoirí i nGaelscoil Chnoc na Re. Tá na tuismitheoirí go léir ina gcomhaltaí go huathoibríoch. Mar bhall de Chairde spreagtar tú páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a eagraíonn Cairde. Is é an aidhm atá ag Cairde pobal tuismitheora tacúil a sholáthar agus a spreagadh laistigh den scoil agus roinnt airgid a ardú chun cuidiú le trealamh éagsúla a cheannach don scoil, maraon le taobh spraoiúil agus sóisialta a bheith ann chun tuismitheoirí, leanaí agus teaghlaigh a spreagadh chun idirghníomhú le chéile. Téigh i dteagmháil le Cairde go díreach ar cairde@cnocnare.net
What is Cairde?    Cairde is the parents’ association in Gaelscoil Chnoc na Re.  All parents are automatically members of Cairde.   As a member of Cairde you are encouraged and welcome to join activities that Cairde initiate. The aim of Cairde is to provide and encourage a supportive parent community within the school and arrange some fundraising to assist to purchase various equipment required by the school but also to have a fun and social aspect to it to encourage parents, children and families to interact with each other. Please feel free to contact Cairde directly on cairde@cnocnare.net